Conradh speisialta agus stiriúil idir an CLG agus an GPA

Bhí sé de chúis mhór áthais orainn i rith na seachtaine a chloisteáil go raibh conradh nua aontaithe idir Cumann na n-imreoirí agus an Cumann Lúthchleas Gael. Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo mhíle buíochas a ghabháil leo. Bhí deighilt le feiscint idir an dá eagraíocht le cúpla bliain anuas agus cuma ar an scéal nach réitigh siad go maith le chéile. Sé mo thuairim féin go raibh géarghá le leasú mar bhí imreoirí bréan den scéal ag iarraidh déileáil leis an mbord chontae i gcónaí. As seo amch beidh caidreamh níos cáirdiúla agus níos easca eadrainn chun na bhfadhbanna a réitiú.

Ní mór dom moladh a thabhairt do Aoghán Ó Fearghail. Tá an-mheas aige ar na himreoirí agus faoin a stiúr feictear go leor dul chun cinn san eagraíocht. Bhí seisean sásta agus toilteanach éisteacht le cumann na n-imreoirí, tuiscint a léiriú agus aicsean a chur i bhfeidhm gan mhoill. Roinnt de na hathruithe

  • Beidh níos mó airgid ar fáil le haghaidh tionscadail éagsúla
  • Tá an costas taistil méadaithe ó caoga cent go seasca cúig cent
  • Maidir le cúrsaí bia beidh maoiniú ar fail freisin agus
  • Cuirfear airgead i dtaisce le haghaidh óbráidí má tá sé ag teastáil ag iar-imreoirí

 

Úsáidim seirbhisí an GPA go mion minic agus eagraíocht fíor fiúntach é. Déanann siad a ndicheall, tacaíocht, deontas agus comhairle a thabhairt amach chomh minic agus is féidir leo agus aitnítear na héilimh curtha ar imreoirí. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo. Coimeád suas é.

130721_HERO

An Ceithre Chluiche Ceathrú Cheannais

Deacair a chreidiúint go bhfuil muid ag druidim le deireadh an chraoibh faoi láthair agus cé a cheapadh go mbeadh an Clár, Tiobraid Árann agus b’fheidir Iarmhí, páirteach fós. Trí fhoireann ó Roinn 3 agus gúim gach ráth orthu in a bhfeachtais an deireadh seachtaine seo. B’fhiú aon íobairt le bheith ann agus taibhsítear dom go bhfuil go leor íobairtí déanta acu suas go dtí seo. Thabharfaí a ndul chun cinn spreagadh mór dom agus táim ag brionglóideach maidir le féideareachtaí na hathbhliana fiú amháin ag an bpointe seo.

Rud amháin súntasach a dhéanann an pobal dearmad go rialta, is foireann Roinn 1 iad Corcaigh i mbliana. Sin ráite níor éirigh go maith leo sa tsraith, comórtas a ghlacann siad dáiríre agus a bhíonn siad láidir de ghnáth, agus theip orthu i gcoinne Thiobraid Árainn sa chraobh. Beidh James Loughrey ar fionraí agus in easnamh mar bharr ar an donas. Measaim féin áfach, tar éis cúpla cluiche a thug seans dóibh moiminteam agus muinín a ghiniúint, beidh siad diongbháilteacht taispeántas maith a thabhairt. Casann gach taoille agus casfaí bua Dé Sathairn a seasúr bun os cionn. Dún na nGall ar an taobh eile, Caithfidh Rory Gallagher agus a imreoirí a bheith fíordhíomách i ndiaidh an chluiche cheannais Uladh.  Tá tactaicí daingne acu, peileadóirí níos tréine in a measc ach thabharfainn seans maith do Chorcaigh. Dá n-éireodh leo cúl nó dhó a fháil, beidh sé deacair an lámh in uachtar a fháil orthu.

Beidh gach duine ag súil go mbuafaidh na fir ó iarthar na tíre agus tá mé féin ina measc. Tá taithí, stíl, tuiscint agus cumas acu. An t-aon rud amháin in eagmais ná an bonn Uile Éireann! Luaigh Tom Cribbin i rith na seachtaine nach bhfuil Maigh Eo sa roinn céanna ná Áth Cliath. Dá mbeinn in a bhróga, ní bheinn ag caint faoi laigí Maigh Eo agus is annamh a cloistear meon cosúil leis sin faoi láthair. Thug said taispeántas meartha sa chluiche cheannais Laighean. Níl rud ar bith le cailiúint acu ach go leor le buachaint.

Bogfaimid ar aghaidh go scéal an tsamhraidh, dul chun cinn Clár agus Tiobraid Árann. Musclaíodh suim in a bhfeachtais go luath sa bhliain agus glacfaidh Gaillimh agus Ciarraí a mbagairt an-dáiríre. Tá neart le tairscint acu agus ba chuma leo cé hiad an freasúra. An-jab ag Liam Kearns agus Colm Collins agus is léir go bhfuil caidreamh agus tuiscint iontach idir na mbainisteoirí agus imreoirí. Toisc go raibh Ros Comáin chomh maith i Roinn 1 sa tsraith, cheapas go mbeadh sliabh le dreapadh ag contae an Chláir sa bhabtha deireanach ach bhí cuma tuirseach traochta orthu agus níor thug Gary Brennan agus a fhoireann seans dóibh. Táim clóithe de bharr an mheoin nach féidir leis na foirne ó Roinn 3 agus a 4 bua a aimsiú i gcoinne na bhfoireann níos airde ná hiad sa chraobh. Níor gheill an Clár ach cúl is naoi gcúilín an lá roimh ré agus is léir go bhfuil córas cosanta eifeachtach acu. Go leor le déanamh ach is foireann difriúla í Ciarraí i gCeann Áras an CLG.

Éacht iontach é go bhfuil craobh na bpeileadóirí agus iománaitheoirí ó contaithe Gaillimh agus Tiobraid Árann faoi lán sheol fós. Déarfainn go gcaithfidh na Tiobradaigh a bheith níos láidre sna cúlaithe mar tá roinnt de na tosaithe is fearr sa tír i measc na Gaillimhí. Gheill siad dhá chúl is seacht gcúilín déag agus páirc mór leathan í bPáirc an Chrócaigh. Ádh-mhór orthu go léir.

briandarby.ie

2016_SFC_Q-Finals_Kerry_Clare_Tipp_Galway-960x960_c.jpg   eoin-cadogan-under-pressure-from-michael-murphy-390x285

MayoWestmeath_app001

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

1 comment

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s