Ag tús na míosa seo, déalaigh Ros Comáin as na Stáit Aontaithe le bua caol i gcoinne Nua-Eabhrac. Ní raibh ach an bearna is lú eatarthu, 1-15 in aghaidh seacht gcúilín déag. (scór deiridh an chluiche cheannais Éireann 1982 idir Uíbh Fhailí agus Ciarraí mar a tharlaíonn sé!) Bí ag caint ar fhaoiseamh dóibh. Dúradh é go forleathan gur éagóir ab ea é, nár bhuaigh na deoraithe an cluiche agus d’admhaigh Kevin Mc Stay go raibh sé thar a bheith sásta a bheith ag filleadh abhaile le ráth díreach tar éis an chluiche. Sa chraobh, d’fhéadfadh aon rud titim amach ach an géabh seo beidh Ros Comáin ar an airdeall agus ós rud é go raibh an t-ádh dearg leo, íocfaidh Liatroim as an deireadh seachtaine seo.

Ní rabhadar ach measartha i Roinn 4. Dhá bua as seacht gcluiche agus chríochnaíodar an tsraith beagnach san áit is ísle. A bheith iomlán macánta ní féidir an dá fhoireann a chur i gcomparáid mar tá deighilt ollmhór le feiscint idir chaighdeáin an bheirt acu agus sin an fáth, ba choir don Chumann Lúthchleas Gael, stráitéis an chraoibh a áth-eagrú. Tá gearghá le leasú i mo thuairim agus fiú amháin ag an bpointe seo beidh fhios acu cad atá i ndán dóibh. Os a choinne sa chás seo tá obair na gcapall déanta ag Ros Comáin ag leibhéal faoi aois agus ní féidir an milléan a chur orthu. Bhíodar an-chumasach agus thar a bheith in ann a n-áit i Roinn 1 a dhlisteanú. Caithfidh Liatroim fanacht leo chomh fada agus is féidir leo ach ceapaim fhéin go mbeidh deacrachtaí acu ag iarraidh Diarmuid Murtagh, Fintan Cregg agus a leithéid a smachtú agus tá súil agam go mbeidh cluiche thar a bheith aon taobhach againn faraor.

I gCuige Uladh, tiocfaidh Tír Eoghain agus Dóire le chéile in a gcéad cluichí sa chraobh. Beidh sé tuairim formhór daoine, go bhfuil cluiche gruama agus teasaí in stór. On méid atá feicthe againn sa tsraith tá an móiminteam ag fir Mickey Harte; ardú chéime aimsithe acu i ndiaidh cúig chluiche agus gan dabht tá siad ag tógáíl ar dul chun cinn le cúpla bliain anuas. Seirbhís thar na beartha túgtha ag Seán agus Colm Cavanagh ach tá ceannairí nua ag teacht chun cinn i bhfoirm Mattie Donnelly, Darren Mc Curry, Tiernan Mc Cann agus Peter Harte chun roinnt dóibh a ainmniú. Creideann siad go docht in a stíl féin agus cé go bhfuil dúshlán mór ag Dóire níl aon rud le cailiúint agus ní bheidh aon faitíos orthu. De ghnáth ní bhíonn alán idir na sean-naimhde ach i mbliana tháining siad le chéile ceithre uair cheana seo. Mar a sheasann na firicí tá Tír Eoghain ar thóir a gcúigiú bua as a chéile. Bearna mór leathan, naoi gcúilín a bheith cruinn, eatarthu sa tsraith agus sin an cruthúnas. Ba mhaith le Dóire deireadh a chur leis an bhfiric neamhfhabhrach sin.

http://www.briandarby.ie

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s