Tháinig borradh agus béim arís faoin bpeil an deireadh seachtaine seo caite agus bhí go leor le tairscint aici. Bhí an rialtacht amhlaidh leis na coinníollacha  aimsire don chuid is mó, is cuma oíche Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh. Leas na n-imreoirí i gcás droch-aire, tús tubaisteach ag Maigh Eo agus réim Stephen Rochford. Dul chun cinn agus cíocras mór ag roinnt foirne, Dún na nGall agus Gaillimh mar shampla. Os a choinne d’fhulaing roinnt eile dochar siceolaíochta le torthaí neamhfhabhraí agus caithfidh siad na torthaí siúd a athscríobh an deireadh seachtaine seo. Mar bharr ar an donas do Mhaigh Eo beidh seampainí na hÉireann ag teacht chuig Chaisleán an Bharraigh.

B’ iontach go deo a fheiceáil Ros Comáin ag feidhmiú go maith tar éis ardú chéime a bhaint amach dhá bhliain diaidh i ndiaidh a chéile, cé gur theip orthu i gcoinne Mhuineacháin. Cheapfá go mbeadh deacrachtaí ollmhóra acu leis an gcaighdeán, a mhalairt ar fad. Thaispeánadar an-chroí agus spiorád in a gcéad cluiche san roinn is airde.

Cuireadh tús don tsraith i bPáirc an Chrócaigh ós comhair thart tríocha míle duine le cluiche thar mholadh beirte. Iomaíoch agus taitneamhach le linn treimhsí áirithe ach dealraigh sé dom go gcaithfidh an Ríocht na tactaicí a athrú mar bhí gach rud go leor oscailte sna cúlaithe agus mar thoradh bhí tasc dodhéanta ag cosantóirí Ciarraí. Bíonn teoiricí daingne ag Eamon Fitzmaurice maidir leis an bpeil i gcónaí aguc táim lán cinnte go bhfoghlaimeoidh siad an ceacht i gceist sách tapaigh.

Pé scéal é, ag druidim an dara bhabhta beidh gach contae ag diriú a n-aigne ar dushlán nua. I roinn a haon caithfidh Corcaigh turas fada a dhéanamh ó dheisceart na tíre go dtí a gceann scríbe san iar thuaisceart. Béal Átha Seanaidh  a bheith cruinn. Dhá bua cuimsitheach sa bhabtha cheana seo agus ba mhaith leo a gcumhacht a threisiú. Glacann Corcaigh an tsraith an-dáiríre i gcónaí agus dealraíonn sé go bhfuil Tír Chonaill ag teacht cuchu féin arís tar éis taispeántas den chéad scoth i bPáirc Esler. Faoi stiúir Jim Mc Guinness bhí tuairim gineáralta nar ghlac siad an tsraith mar rud tábhachtach agus bhíodar ag tógáil agus ullmhú don chraobh Ulaidh. Maireann rud amháin i m’aigne fós tar éis féachaint ar na mbuaicphointí, ba é taispeántas bríomhar Ryan Mc Hugh. Bhí a fhuinneamh dochreidte agus is mór an tionchar a bhí aige ag cosaint agus ag dul ar an bhfrith ionsaí. Is minic a thoaíonn sé an gluaiseacht, téann sé tríd na bearnaí beaga agus bíonn sé i láthair chun é a chriochnú. D’aimsigh sé dhá chúl agus de réir na fianaise beidh peileadoirí nua, cumasacha óga i measc na Conallaigh i mbliana.

Tuairisc céad faoin gcéad ag Gaillimh agus Tír Eoghain i roinn a dó. Cé go bhfuil Gaillimh ag imirt sa bhaile cheapfainn go mbeidh Tír Eoghain rogha na coitiantachta. Deirtear ar bhonn rialta nach féidir le haon fhoireann as roinn a dó, an Craobh Uile Éireann a bhuachaint ach cheapfá i ndiaidh na tréithe a thaispeáin Tír Eoghain anuraidh go bhfuil seans acu. Tá neart léirithe ag an mbeirt acu go dtí seo agus beidh sé deacair iad a scarúint Dé Domhnaigh.

I roinn a trí tá Sligeach agus An Iarmhí ar thóir ráth fós agus bíonn orthu móiminteam a ghiniúint go práinneach. Tá dílseacht ag Niall Carew agus Tom Cribbin le Cill Dara, buntáiste dóibh níos déanaí in a bhfeachtais, agus tá an mbeirt acu in a darú bhliain i gceannas ar Sligeach agus An Iarmhí. D’fhéadfadh aon rud titim amach ach ceapaim go mbeidh An Iarmhí ró-láidir.

Cluiche cinniúnach i roinn 4 idir Aontroim agus Loch Garman. Sé mo thuairim phearsanta féin go n-éireoidh leo ardú chéime a bhaint amach ó Roinn 4 i mbliana agus beidh buaitheoirí an chluiche seo scartha ón ngrúpa taobh thiar dóibh. Faoiseamh mór dóibh go luath sa bhfeachtas.

http://www.briandarby.ie

@bodiarmada000bb752-642

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s