Anois teacht an Earraigh agus beidh cursaí an Chumainn Lúthchles Gael faoi lán sheol agus i mbéal an phobail arís le haghaidh na hathbhliana. Nach deas í a bheith ag tnúth leis na laethanta ag dul chun síneadh agus an teocht ag ardú tar éis an Gheimhridh grúama. Cuirfear tús le feachtas na gcontae Dé Sathairn seo chugainn go dtí mí Aibreáin agus beidh go leor coimhlintí fíochmhara idir an dá linn. Tiocfaidh na sluaite ó chian is ó chongar ag freastal ar na cluichí ach mar is ghnáth beidh aidhmeanna difriúla ag na foirne. Roinnt dóibh ar thóir dul chun cinn, roinnt eile uaillmhian níos tréine acu agus ba mhaith leo an t-sraith a bhuachaint. An méid fágtha, íslú chéime a sheachaint dár ndóigh ach rud amháin cinnte beidh gach duine, imreoirí agus an lucht féachanna le chéile ag brionglóideach ar na féidearthachtaí.  Tá súil amháin ag gach foireann agus imreoir ar an gcraobh agus beidh an iomaíoch le feiscint agus ag téamh suas sna seisiúin traenála le bheith ar an gcéad cúigear déag. Creideann gach imreoir go bhfuil neart le tairscint acu agus b’aoibhinn leo a bheith ag imirt.

Cúpla rud le phlé an tseachtain seo, i bPáirc Uí Rinn Dé Domhnaigh tiocfaidh beirt bhainisteoir duchasach nua le chéile. Peader Healy ó Chorcaigh agus Stephen Rochford ó Mhaigh Eo. Mar is eol dúinn bhí Rochford i gceannas ar Cora Finne i gcontae na Gaillimhe le cúpla bliain anuas agus is beag an méid nár bhuaigh siad faoin a stiúir. Beidh cíocras mór ag gach duine san iarthar leis an bhfoireann coitséala nua agus ba mhaith le Rochford tús maith a chur ar a réime. Ar thaobh Corcaigh, thit an tóin as gach rud ar fád anuraidh tar éis athimeartha an chluiche cheannais Mumhan agus bhí ar Brian Cuthbert seasamh síos. Peileadóirí iontacha gan aon dabht ach nuair a thagann an crú ar an tairne, teipeann orthu.

Tá cúig fhoireann as Cuige Uladh le chéile i Roinn a dó. “Powder-keg” mar a déarfá! Cluiche teasaí idir Thír Eoghain agus an Doire sa chluiche cheannais Mc Kenna agus an tseachtain seo tabharfaidh Dóire a n-aird ar Fhéar Manach. Chríochnaigh a bhfeachtais i dhá shlí difriúla anuraidh, díoma ar Dhoire sna cluichí cáilithe agus ba mhaith le Féar Manach tógáil ar an dul chun cinn a d’aimsigh siad anuraidh. Thug siad taispeántas inspiorádach dúinn i gcoinne Bhaile Áth Cliath, ceann mór de na buaicphointí ón gcraobh.

Cé gur ndísleodh Cill Dara agus an Iarmhí ó Roinn a dó anuraidh, tháinig feabhas orthu níos déanaí sa bhliain. Bhí sé de chúis mhór áthais ar gach duine i gcontae na hIarmhí, an lámh in uachtar a fháil ar a gcomharsan agus a sean-naimhde i gcontae na Mí sa deireadh thiar thall agus beidh níos mó muinín acu i mbliana mar thoradh.

Ní féidir le héinne a bheith aineolach don dushlán i Roinn a ceathar ach oiread. Is minic gurb é an grúpa is iomaíoch agus feictear an tabla cásta bun os cionn tar éis toradh amháin. Níl ach luach saothair amháin i ndeireadh na dála, ardú chéime a bhaint amach agus ard meanman a aimsiú ag druidim an chraoibh.

 

Córas nua ag dul roimh Comhdháil

D’fhoilsigh an Cumann Lúthchleas Gael sonraí faoi structúr nua (nó sean-structúr) don chraobh le déanaí agus téifear é roimh an Chomhdháil sna seachtainí amach romhainn. Ana chuid tuairimí ag gach duine ach caithfidh mé a admháil, is ar éigean a chuala mé péire i bhfabhar an chóras nua. Ní haon aibhéil é sin a rá go bhfuil muid ag filleadh ar ais go dtí an comórtas “Tomás Ó Murchú”. Sin é go díreach. Sa saol atá anois i réim, nach féidir leo structúr nua-aimseartha a chur i bhfeidhm. Dá mbeinn i gceannas ar an gcinneadh bhainfinn úsáid as an gcóras sraithe. Ceithre ghrúpa, ocht bhfoireann i ngach grúpa amhlaidh bheadh trí chluiche ar a laghad ag gach foireann. Rachadh dhá fhoireann ón ngach grúpa ar aghaidh agus bheadh babtha eile, dhá fhoireann ó Roinn ceathar agus dhá eile ó Roinn a trí. Níl comórtas na gCuige fite fuaithe a thuilleadh. Is féidir liom a rá le cinnteacht, nach mbeidh aon suim ag na contaetha sa chomórtas dhá leibhéal go háraithe dóibh ag glacadh páirt sa leibhéal is ísle.

Ionsaí mícothrom ar Cumann na n-Imreoirí

Bhí sé de chúis mhór brónach is aiféala orm, gur léigh mé tuairimí iriseóir áirithe agus an fealsúnacht diúltach a bhí aige faoi Cumann na n-Imreoirí. Bhí sé intuigthe in a phíosa seafóideacha nach raibh an eagraíocht fiúntach, go bhfuil sé mí-eifeachtúi ag déileáil le sochar na n-imreoirí agus go bhfuil aighneas idir iad féin agus an Cumann Lúthchleas Gael. De ghnáth, is cuma liom faoi tuairimí daoine caoleigeanta ach is minic a ghlacann, cad atá ráite ar son duine amháin mar fhiric comónta.

Le cúpla bliain anuas d’úsáidigh mé roinnt de na seirbhisí atá ar fáil acu agus ó mo thaithí phearsanta féin, tá siad thar a bheith cumasach, spreagtha agus ag smaoineamh chun cinn. Tá srian ar an tionchar atá acu mar bhraitheann siad ar chomhlachtaí eile agus chomhoibriú an Chumainn Lúthchleas Gael go minic. Spreagtar iomaitheoirí ó cheann ceann na tíre, na seirbhisí céanna a ghlacadh, rudaí a phlé leo agus deacrachtaí pearsanta a mhiniú le muinín. Táim an-bhuíoch díobh as ucht gach cabhair a thug siad dom agus tá aithne agam ar go leor peileadoirí eile den tuairim céanna. Coimeád suas an sár-obair.

@bodiarmada

Screen-Shot-2014-03-19-at-17_03_52

 

GPA_logo

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

1 comment

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s