tyrker

Dar ndóigh, go leor trácht, tuairimí, gearáin is smaointe le déanaí faoi Tiarnan Mc Cann agus a droch aisteoireachta. Ina dteannta sin, cuireadh a fhionraí ar ceal le cúpla lá anuas. Is fada mé ag smaoineamh ar seo agus táim den bharúil gur bá chóir dó cárta dubh a fháil i rith an chluiche nuair a tharla an eachtra. Ba mhaith leis an gCumann Lúthchleas Gael an imirt ciniciúil a chur faoi solas ach ní raibh an pionós ocht seachtaine tuillte aige. De réir cosúlachta beidh sé ag imirt ó thús an chluiche. Cheapfá go mbeadh tionchair diúltach ag gach rud ar pheileadóir agus beidh meon láidir ag teastáíl uaidh.

Mar is eol dúinn, tá stair sórt searbh idir na foirne. Chas siad sa chluichí cheannais i 2005 agus 2008 agus bhuaigh na hUltaigh an dhá cheann. I mbliana chas siad le chéile sa bhabtha deireanach sa tsraith agus chríochnaigh siad ar chomh scór. D’ísligh Tír Eoghain go dtí Roinn 2 mar thoradh ach go leor dul chun cinn aimsithe acu ó mí Aibreáin. Scoráil Ciarraí cúl ar an lá sin ach beidh deacrachtaí acu Dé Domhnaigh ag iarraidh iad a bhaint amach. Creid é nó ná creid tá fadhb dén chineál céanna ag fir Mickey Harte agus ba é an cúl i gcoinne na Mí sna cluichí cáilithe an ceann deireanach a fuair siad. Tá cumas den scoth acu, cumas scórála na freasúra a laighdiú agus a gcuid deiseanna a thógáíl.

Beidh an coimhlint fíochmhar agus suimiúil i lár na páirce idir Colm Cavanagh agus Mattie Donnelly i gcoinne David Moran agus Anthony Maher. I mo thuairim phearsanta féin agus níl ann ach mo thuairim féin, is é Mattie Donnelly peileadóir na bliana go dtí seo. Tá na scileanna go léir aige, ana chroí ar fad agus gluaiseann sé ó cheann ceann na páirce chun tacaíocht a thabhairt. Leigh mé píosa eolais dochreidte faoi David Moran. In athimirt an chluiche leathcheannais anuraidh, bhí an seilbh ag David Moran seacht uair is dhá scór i seachtó nóiméad!! Dhéanfá go hana mhaith é sin a dhéanamh i gcúig chluiche! Peileadóir agus ceannaire nádúrtha  as an ngnáth cosúil len a athair Ogie.

Ag breathnú siar ar an gcluiche ceathrúcheannais, ní féidir linn comparáid a dhéanamh idir Chill Dara agus Tír Eoghain. Ní bhfaighfidh Ciarraí seacht gcúl agus ní chuirfear na tactaicí oscailte is soineantacht i bhfeidhm ar son Mickey Harte. Turascaíodh go bhfuil trí athruithe ar fhoireann Chiarraí, an cheann is suntasaí, is go mbeidh Kieran Donaghy, ceann amháin de na seanadóir ag an bpointe seo tar éis teacht isteach ar imeall na cearnóige. Dabht ar bith go bhfuil “Gooch” ag teacht chuige féin arís freisin.

Is beag iad na difríochtaí idir Tír Eoghain agus Dún na nGall agus anuraidh thaispeáin Ciarraí go bhfuil siad thar a bheith ábalta déileáil leis na coinniolacha diúltacha. Caithfidh Ciarraí a bheith foighneach, dul trí na bearnaí beaga agus a gcuid ama a thógáil chun an chórais a bhriseadh síos. Cé go bhfuil foireann iontach ag fir na Mumhan, braitheann siad ar “individual genius” mar a déarfá agus ar an taobh eile, glacann Tír Eoghain an dearcadh  ní neart go cur le chéile” agus ní dhéanann aon fhoireann é níos fearr nó níos eifeachtaí.

Rud amháin eile, dealraíonn sé go bhfaigheann Ciarraí an iomarca meas, formhór an ama. Leirigh Cill Dara é gan dabht i bPáirc an Chrócaigh. Fiú amháin ag féachaint ar an gcluiche mionúr i dTulach Mhór le déanaí idir Sligeach agus Ciarraí, thugas faoi deara nach raibh an diongbháilteacht riachtanach ag Sligeach. Is féidir liom a rá le cinnteacht nach bhfaighfidh siad é Dé Domhnaigh ach beidh siad ag súil leis sin.

D’fhéadfadh aon rud titim amach! Feachtas iontach ag an dá fhoireann go dtí seo. Ar aon chaoi, measaim sa deireadh go dtiocfaidh neart Chiarraí chun tosaigh. Coireóidh siad an reiteach agus beidh siad ábalta a chur leis na tactaicí neamhfhabhracha. Is é Ciarraí mo rogha.

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s