Sligeach v Tír Eoghain

Cé go raibh bua iontach ag Niall Carew agus a imreoirí sa choimhlint leath cheannais, bhí bearna mór suntasach i gcumais na bhfoireann an lá deireanach i bPáirc de hÍde. Cuireadh i bhfeidhm, taicticí seafóideacha is soinneanta agus ba léir nach raibh siad ábalta déileáil le bagairt Aidan O’ Shea go luath sa chéad leath. Ina dteannta sin, d’ealraigh sé go raibh fadhbanna ollmhóra ina measc ag tarraingt cothrom in aon áit. Is annamh go bhfeictear an easpa thionchair a bhí ag David Kelly ar chluiche. Braitheann Sligeach ar a chumas chun na scóranna a aimsiú ach bheadh sé mícheart an milleán a chur ar na tosaithe, ní féidir l’aon fhoireann sé chúl agus agus fiche cúig chúilín a gheilleadh agus an bua a bhaint amach fós. Dé Sathairn, caithfidh siad na peileadoirí is contúirtí a smachtú, Peter Harte, Seán Cavanagh agus Mattie Donnelly faoi leith. I 2002 d’éirigh leo an lámh in uachtar a chur ar Tír Eoghain roimh tús réime Mickey Harte. Ní bheidh díoltas a lorg ag na hUltaigh ach is beag an baol orthu é a dhéanamh arís.

Mo rogha: Tír Eoghain

Gaillimh v Dún na nGall

Tá an-dul chun cinn déanta ag Gaillimh i 2015. Bhí siad iomaíoch sa tsraith, cúpla taispeántas spleodracha sa chraobh agus ag druidim a gcúigiú babhta i mbliana go dtí seo beidh siad lán sásta a bheith ar ais i bPáirc an Chrócaigh. Go deimhin tá stair neamhfhabhrach acu le cúpla bliain anuas, ar taobh amháin i gcoinne na Conallaigh agus ar an taobh eile ag iarraidh bua a fháil i gCeannáras an Chumainn Lúthchleas Gael. Caithfidh tú dul ar ais go dtí 2001 le haghaidh a mbua deireanach i bPáirc an Chrócaigh agus theip orthu i gcoinne Dhún na nGall sa chluiche ceathrú cheannais i 2003 agus sna cluichí cáilithe i 2009. Ach cheapfainn go bhfuil atmaisféar breá gealgháireach sa champa agus go bhfuil gach duine ag baint taitneamh as a bhfeachtas. Tá cuma ar an scéal go bhfuil siad níos compordaí ag cosaint agus beidh sé thar a bheith tábhachtach Dé Sathairn.

Sa chluiche cheannais Uladh cuireadh go leor ciceanna ar strae, ar foraoil agus ba é a mbuille marfacha sa deireadh thiar thall. An t-aiféala is mó a bheidh orthu, ná gur chaill siad an iomarca deiseanna scórála agus nár éirigh leo tógáil ar an dul chun cinn a rinne siad níos luaithe sa bhliain. Sin ráite, ní raibh ach cúl amháin eatarthu ag deireadh an chluiche agus le linn tréimhsí fhada, go háraithe ag tús an chluiche agus sa dara leath, bhí siad ar fheabhas.

Mo rogha: Dún na nGall

Cill Dara v Ciarraí

Taobh amuigh de Chill Airne is aoibhinn le Ciarraí ag imrt i bPáirc an Chrócaigh agus ag baint úsáid as an spás níos fairsinge. Sé mo thuairim go bhfaighfidh siad tairbhe as athimirt an chluiche cheannais na Mumhan. Bhí siad i bhfad níos fearr coicís ó shin agus anois tá sós tógtha acu agus tá siad reidh le haghaidh dúshláin eile. Beidh siad ag diriú a n-aigne ar an luach saothair i mí Mheán Fómhair as seo amach. Mar is gnáth níl eagla ar Eamonn Fitzmaurice, na hathruithe a dhéanamh agus tuarascaíodh é ar maidin go bhfuil Stephen O’ Brien ag teacht isteach sa líne leath tosach in ionad Johnny Buckey. N’fheadar ar léirigh bua Chill Dara in aghaidh Corcaigh cé chomh maith is atá siad nó cé go dona is a bhí Corcaigh ar an lá ach bhí plean ag Cill Dara agus bhí an bua tuillte go mór acu as an ndóigh a d’imir siad. Trácht an tseachtain seo go bhfuil Eamonn O’ Callaghan gortaithe agus nach mbeidh sé ar fáil. Bhí siad dícáilithe go dtí Roinn 3 ag deireadh na sraithe ach is cuma leo faoi sin anois. Tá sliabh le dreapadh acu ach ná bí ag scríobh na bhfógraí báis fós.

Mo rogha: Ciarraí

Áth Cliath v Fear Manach

Bhíos ag éisteacht le cúpla duine le déanaí agus bhí sé intuigthe acu go bhfuil an bagairt nó an “Fear Factor” a bhí ag Áth Claith, ag laghdú. Anuas ar sin, níl siad ábalta an “Blanket Defense” a bhriseadh síos. Níor aontaigh mé lena gcuid dtuairimí agus a bheith iomlán macánta déarfainn, seo an t-am chun na fadhbanna siúd a réitiú agus plean cuimsitheach a chur i bhfeidhm mar tá scrúduithe níos deacra ag teacht sna seachtainí amach rompu. Trí chúilín déag idir iad féin agus Iarmhí sa chluiche cheannais Laighean agus éigeandála a ba é i súile daoine éigin. D’ionsaigh siad cliathán amháin agus nuair a bhí an spás cruthaithe acu sa líne lán tosach, d’athraigh siad an imirt go dtí an cliathán eile. Is cuma liom, nuair atá peileadóirí chomh contúirtí le Kilkenny, Connolly agus araile ar fáil, ní féidir iad a choimeád as an gcluiche le linn an chluiche.

Sár jab déanta ag Pete Mc Grath i mbliana. Nach deas é a fheiceáil, an dul chun cinn aimsithe acu. Is minic a fheictear foireann éigin ó na céimeanna is ísle ag dul ó neart go neart in aon seasúr amháin agus tugann sé spreagadh mór dúinn go léir i Roinn 3 agus 4. Bhí Pete i gceannas ar fhoireann an Dún i 1994, bliain is scór ó shin, nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann i gcoinne an fhreasúra céanna. Ní bheidh siad rogha na coitiantachta ach dá mbeinn in a mbróga Dé Domhnaigh, bheinn thar a bheith sásta mo chumas a thomhas in aghaidh slat tomhais dáiríre.

Sligo-v-Tyrone-2600

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s