Wmeath

Bhí sé de phribhléid dom a bheith i bPáirc an Chrócaigh níos luaithe inniu agus bua stairiúil, neamhghnách agus cinniúnach i stair an dá chontae a fheiceáil! Deirtear go minic go mbíonn dhá thaobh i ngach cluiche agus ní raibh slua an staidiam ábalta a thuiscint, cad a bhí ag tarlú sa deireadh. Nach deas a bheith ag feachaint orthu, muintir na hIarmhí ag ceiliúradh nuair a sheideadh an fheadóg dheireanach. Ocht gcúilín chun deireadh ag leath ama agus an bua a bhaint amach fós, éacht den chéad scoth agus lucht féachanna na Mí in ísle brí cheapfá.

Mar bharr ar an donas chruthaigh Iarmhí na deacrachtaí leo féin don chuid is mó. Bhí cuma neirbhíseach orthu ag tús an chluiche agus an rud a sheas amach go soiléir is gur scaoil siad uathu an liathróid romhinic sa chéad leath agus an buntáiste a thabhairt don fhreasúra. Sna cúlaithe, ní bhfuair an líne lán cúl aon tacaíocht ón líne leath cúl agus bhí Reilly agus Tormey faoi leith, ag gearradh isteach chomh minic agus ab fhéidir leo. Ag an bpointe sin bhí na hIarmhí i ngéarchéim i ngach áit agus bhraith siad ar an gcruinnaimsitheoir scóranna Heslin, na scoranna dodhéanta a aimsiú agus iad a choimeád sa chluiche i rith an chéad leath.

Chas gach rud bun os cionn tar éis sin mar is eol dúinn. N’fheadar cén fáth? Easpa ceannasaíochta agus fadhbanna smachta b’fheidir ar thaobh na Mí ach bhí cuma codaltacht orthu le linn an dara leath. D’imir Iarmhí le muinín agus cíocras nua nach bhfacthas riamh roimhe uathu. Laghdaigh siad agus laghdaigh siad agus laghdaigh siad an bearna a thuilleadh. An móiminteam go léir taobh thiar díobh agus nuair a chríochnaigh Kieran Martin a dhara chúl le snas bhí siad chun cinn. Cheapfainn go mbeidh aiféala ar Michael Newman mar d’éalaigh sé isteach go héifeachtach agus ag druidim an chúil, bá chóir dó an liathróid a chur thar an trasnán agus bheadh an dá fhoireann ar chomh scór. Bhí roghanna aige ar dhéis agus ar chlé agus sa deireadh theip orthu in a n-iarracht. Ón bhfrith ionsaí, díoc siad an praghas is mó. Chuireadh an liathróid i gcúl Paddy O’ Rourke ar son Heslin agus b’shin é an buille marfach. Gradam All-Star tuillte ag Heslin agus Martin tar éis a dtaispeántas i mo thuairim, b’shin é an tionchar domheasta a bhí acu.

Mo mhíle comhghairdeas do chontae na hIarmhí agus Tom Cribbin. Tá aithne agam air agus ní duine mórtasach é. Tá obair na gcapall déanta acu i mbliana, trí chluiche buaite acu anois sa chraobh agus ba chóir dóibh a bheith ag tnúth leis an gcluiche cheannais Laighean i gcoinne roghanna na coitiantachta, Áth Cliath.

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

1 comment

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s