AFL Training programme

Thuas anseo, plean na seachtaine do pheileadóirí Fremantle

Tá séasúir an CLG agus an AFL faoi lán sheol faoi láthair agus leis sin shochraigh mé go ndéanfainn staidéar comparáideach idir na modhanna traenála atá ag “Fremantle Dockers”, cumann proifisiúnta san AFL agus an fhoireann Uíbh Fhailí sa tsraith Allianz.

Training week in-season for Inter-County Footballer. Brian Darby

Monday Tuesday Wednesday Thursday Friday Saturday Sunday
Regen & Recovery. Foam Rolling, Stretching, Personalised Weights programme. Pool and Sauna. Done after work.

 

Fill in assessment form detailing soreness, injuries, mental well-being, fatigue and personal thoughts

 

 

 

Rest and recovery. Foam rolling and stretching.

 

Book in for physio on Wednesday night if needed

Training. Gym for work on power, flexibility and core development.

 

Field session. Game related drills and games

Rest and recovery. Foam rolling and stretching. Training. Gym for work on power, flexibility and core development.

 

Field session. Game related drills and games. Team meeting and video analysis

Day off. Generally taken as a day to freshen up and forget about challenge the following day. Game Day

 

Training week in-season for a professional AFL Footballer. Seán Hurley

Monday Tuesday Wednesday Thursday Friday Saturday Sunday
Day off /or if you have an injury, you come in early in the morning to be assessed by physio . Personal development day e.g Uni (Bachelor of commerce)

 

Run & LB lift
7am HRV testing
7.30 AMP mobilisation
8.30 team meeting
9 team training
11 lunch
Between 12-4 get your hour weights & half hour massage completed
*must have at least 2 massages a week , massage available every run day
3-5 go see development coaches & watch some vision of training and games/mental fitness
8am HRV
9-12 follow procedure of yoga/UB weights/touch(e.g 100 handballs)/line meetings(forward,back,mids)
1pm team meeting 1
1-5 personal development block e.g University work
7am HRV
7.30am Amp mobilisation
8.30 team meeting
9am team training
11am lunch
12-4 Lb lift and massage
3-5 meetings with development coaches/mental fitness
8am HRV
9am team meeting
10am recovery/weights optional and individualised
Day before games are personalised to each individual apart form the team meeting which will be stated on our weeks calendar
Game Day Morning recovery/ injury clinic

 

  • HRV- Heart rate variance consists of 5 minutes of your resting heart rate in the mornings. Also gives us a chance to meditate (mental recovery) while trying to rest our heart rate to the lowest variance possible. 

 

  • AMP -Activate Mobilization Prepare is basically a yoga stretch followed by glute and core activation 

 

  • LB and UB lower body and upper body lifts 

 Seachtain Traenála i saol Brian Darby

Beidh cluiche fíor-thábhachtach ar an Domhnach agus leis sin cuirtear an béim ar tactaicí agus na scileanna is simplí an tseachtain seo. Ba mhaith leis an bhfoireann coitseála, gach duine a bheith úr le linn na sraithe Allianz ach níl sé easca le cluichí deacra seachtain i ndiaidh seachtain. Is dóigh liom go gcaithimid seacht nó ocht n-uair ag traenáil le chéile gach seachtain agus seachas sin tá cleachtaí pearsanta le déanamh againn ar na laethanta saor. Deacair gan dabht ach an rud is fiú a dhéanamh, is fiú a dhéanamh go maith agus i gceart.

Ar an Luan bhíos sa gym le haghaidh seisiúin deisithe. Chaith mé uair go leith ag síneadh, foam rolling, ag déanamh meáchain agus cleachtaí pearsanta roimh turas fiúntach go dtí an sauna. Mhothaigh mé níos fearr sular fhág mé an gym. Dar ndóigh táim ar na laethanta saoire ón scoil ach bhíos ag smaoineamh nach deas í a bheith saor gach Luan chun an seisiúin céanna a dhéanamh! Dé Máirt agus lá saor againn ach muna raibh cluiche againn an deireadh seachtaine seo, bheadh seisiún reatha le déanamh i m’aonar sa pháirc cosúil leis na lads eile.

Ar ais ag traenáil ar an gCéadaoin. Déanaimid roinnt meáchain ar dtús gach oíche agus braitheann an méid ar pleans an deireadh seachtaine. Bhíomar amuigh ar an bpáirc díreach tar éis sin le haghaidh cluiche inár n-aonar. Beimid ag traenáil anocht ach ní bheidh go leor le déanamh agus de ghnáth bheadh cruinniú againn chun scagadh a dhéanamh ar an bhfreasúra cosúil le gach foireann eile.

Bíonn nósanna difriúla ag peileadóirí cad ba mhaith leo a dhéanamh ar lá saor ag druidim chluiche mór. Mé féin, téim ag siúl, b’fheidir ag siopadóireacht nó dul le haghaidh cupáin caife. I gcoitinne, mo scith a ligint don chuid is mó ach ní bheinn le feiscint i mo luí ar an tolg le linn an lae.

Sin seachtain an pheileadóra idir-chontae ach cad mar gheall faoin bpeileadóir proifisiúnta san Astráil? Sheol Seán Hurley, peileadóir leis an gcumann Fremantle agus lonnaithe i bPerth a shonraí chugam.

Seán Hurley

In season v pre-season

Mar is féidir leat a shamhlú, bíonn an méid oibre atá le déanamh ana difriúla idir an tréimhse réamh-séasúr agus an tréimhse i rith an séasúir. Teastaíonn uait na cosa a choimeád úr le haghaidh na gcluichí mar de ghnáth ritheann na lúthchleasaithe idir trí chiliméadar déag agus seacht gciliméadar déag ar an gcóras GPS i ngach cluiche. Thar seachtain amháin sa tréimhse réamh-séasúr bheadh gach duine ag déanamh thart cúig chiliméadar is tríocha. Bíonn an fhoireann nirt agus aclaíochta ag measúnú an eolas in iomlán. Ina dteannta sin, athraítear an córas meacháin. Faoi láthair táim ag athrú go dtí córas nua agus cuirfear an béim ar na meáchain éadrom ach gach coicís beidh siad níos troime ag druidim tús an séasúir.

Thuas anseo tá ár gclár traenála le feiscint. Seo an obair atá le déanamh againn i rith an séasúir. Don chuid is mó, ní athraíonn sé ó sheachtain go seachtain, b’fheidir ach amháin an méid oibre agus uaireanta athraítear ár lá saor. Glacann Fremantle oideachas na bpeileadóirí an-dáiríre i gcónaí agus bíonn lá saor againn gach seachtain chun béim a chur ar staidéar agus bíonn ceithre huaire saor againn in ár bhféilire i rith na laethanta nach bhfuil muid ag rith.

Codarsnacht idir an dá cluiche. Mo thuairimí

Ar an gcéad dul síos is aoibhinn liom mo phost agus tá an t-ádh orm a bheith fostaithe. Idir scoil, ag imirt peile, ag tabhairt aire duit féin agus na héilimh eile atá le déanamh ag daoine áirithe, bhféifeá gnóthach an t-am ar fad ach nílim ag gearán. Ó mo thaithí phearsanta féin caithfidh mé a bheith eagraithe chun gach rud a dhéanamh agus creid é nó ná creid bíonn sé i bhfad níos easca, an cothrom a choimeád nuair atá plean déanta agat gach lá. Nuair a thagann oíche Dé hAoine áfach bíonn cuma tuirseach traochta ar gach duine sa seomra feistis tar éis an seisiúin traenála.

Ní mór dom a admháil go bhfuil go leor difríochtaí idir sceideal Séan agus mé féin. Táim den bharúil go bhfuil go leor áiseanna den chéad scoth acu agus bheadh orm a rá le cinnteacht, is aoibhinn le haon pheileadóir idir-chontae a bheith páirteach sa ghrúpa chéanna. Anuas ar sin sílim go bhfuil sé indéanta, a nósanna agus a gcleachtaí a fhoghlaim agus iad a chur i bhfeidhm agus gan amhras tá roinnt dóibh in úsaid faoi láthair mar shampla síceolaithe, meditation agus an-bhéim ar fhorbairt phearsanta laistigh agus lasmuigh an campa. Má tá dúil orm na tréithe siúd a fheabhsú anseo, bíonn orm iad a dhéanamh agus a chur chun cinn i m’aonar don chuid is mó agus sin difríocht suntasach.

http://www.briandarby.ie

@bodiarmada

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

1 comment

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s