944870

Seachtain go leith i ndiaidh toradh tubaisteach agus buille mór siceolaíochta cad is féidir liom a rá? An bhfuil mé ag fulaingt fós…… cinnte, agus muintir an Róid sa stáid céanna. Bhí an-mhuinín againn in ár gcumas féin agus tá obair na gcapall déanta againn i mbliana, chomh crua ná aon fhoireann idir-chontae sa tír idir na meacháin agus amach ar an bpáirc. Táimid ar thóir an choirn “Mc Cabe” gan staonadh ó dhá mhíle is a sé. Theip orainn ar an lá sin agus arís i 08 agus 10 agus ba é príomh de na gcuspoirí a bhí againn, an fíric sin a chur i gceart. Is bocht an scéil é go bhfuil ceithre chluiche cheannais Laighean caillte againn diaidh i ndiaidh a chéile anois. Glacaimid an comórtas Laighean an-dáiríre ar fad i gcónaí.  An t-aon fhoinse faoiseamh sa chás seo is é, gur theip orainn i gcoinne na foirne is fearr a d’imir mé in aghaidh riamh.

Mar is eol dúinn bíonn sé beagnach dódheanta d’aon fhoireann i mBaile Áth Cliath, dhá chraobh a leagadh taobh le taobh ach bhí Naomh Uinsionn in ann é a bhaint amach i mbliana. Bhí feachtas iontach acu agus ba bhéag nar bhuaigh siad anuraidh, seampainí uile Éireann agus Laighean mar a sheasann sé fós. Bhí a fhios againn, chomh tapaigh is chomh maith is a bhíomar in aghaidh na Mathúna agus Achadh Mhodhra, bhí test i bhfad níos deacra ós ár gcomhair sa chluiche cheannais.

Bhí tús maith ag teastáil go dóite uainn ach go luath sa chluiche, dealraigh sé go rabhamar i ngearchéim i ngach áit. Bhí deacrachtaí cuimsitheach againn ag tarraingt cothrom sa chéad fiche nóiméad. Chuireadh go leor brú orainn nuair a bhíomar ag iarraidh an liathróid a scaoileadh amach ón ár gcúlaithe. Chuireamar go leor liathróididí ar strae freisin agus ghoid siad í thar nais gach seans a bhí acu. Ag leath ama bhí díomá orainn leis an díomhaoin seilbh a bhí againn mar níor thugamar cothrom na Féinne dúinn in ár dtaispeántas. Sa dara leath bhíomar níos compordaí ach bhí ár rás rithe sa cúpla nóiméad deireanach agus bhí an bua tuillte go mór acu.

Ba mhaith liom mo mhíle buíochas a ghabháil do na lucht leanúna a bhí i láthair. Bhí siad tagtha ó ngar is i gcéin agus taobh thiar dínn ón gcéad nóiméad. Beidh ár lá againn le cúnamh Dé. Nollaig Shona agus athbhliain faoi mhaise daoibh go léir. Tá súil agam go mbeidh 2015 bliain rathúil agaibh.

Beir Bua

Brian Darby

@bodiarmada

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s