“Is í mo thuairim mheáithe gurb é an córas cosanta a chuireadh i bhfeidhm ar son Chiarraí, an difríocht idir an dhá fhreasúra”

Luaigh mé i rith na seachtaine go mbrathnódh an cluiche cheannais na hÉireann inniu ar phíosa draíochta ó thaobh amháin nó an taobh eile. Ní féidir liom a fhéiceáil conas a scarofaidís. Sa deireadh is oth liom a rá gurb é cúl Chiaráin Ó Duinneacha an difríocht idir na foirne. Níl sé ceart nó cóir an milleán a chur ar Phól Ó Durcáin agus a bhotún sa dara leath. Mar a d’admhaigh bainisteoir na Conallaigh, Jim Mc Guinness tar éis an chluiche, bhí cluiche ciúin imearthe ag formhór dóibh. Go hiondúil bíonn níos mó tionchar acu ar na cluichí ná a bhí le feiscint inniu. Má bhíonn Dún na nGall faoi lán sheol, bíonn Míchéal Ó Murchú agus Neil Ó Gallachóir chun tosaigh go mion minic ach inniu bhí a dtaispeántais rialta in easnamh. Ach sin spórt.

Deirtear go minic, “tús maith leath na hoibre” agus bhí cúl faighte ag Pól Ó Géibheannaigh sa dara nóiméad chun faoiseamh a thabhairt dóibh. As sin amach bhí cuma compórdach agus muiníneach orthu agus d’úsáid siad an liathróid go fíor-mhaith formhór an ama. Dhealraigh sé dom go raibh na fir as Dún na nGall ag streachailt mar thoradh an-iomarca neirbhís agus bhí na botún neamhghnách soléir ón líne leath cúl ag dul ar an ionsaí.

Is í mo thuairim mheáithe gurb é an córas cosanta a chuireadh i bhfeidhm ar son Chiarraí, an difríocht idir an dhá fhreasúra. Bhí siad thar barr agus mar a dúirt fear liom ar an Luas “They out Donegaled, Donegal”. Is é fírinne an scéil, is minic a athraíonn na tactaicí agus dá mbeadh Áth Cliath ann mar an fhreasúra inniu, ní chuirfí na tactaicí céanna i bhfeidhm. Peadar Ó Cruálaidh agus Cillian de Siún go háraithe, léirigh siad ana fhoighne ‘is faisnéis nuair a bhí líne leath cúl na Conallaigh ag ionsaí. Chuir siad brú orthu gan an iomarca fairsinge a thabhairt don líne lán tosach agus sa deireadh, ábalta an liathróid a ghoid thár nais.

Creidimse go láidir freisin ba ceart go mbeadh Ó Murchú a bheith lonnaithe san áit lán tosach lár. Bhraith siad uathu é ar imeall na cearnóige agus a chumas contúirteach. An gcuimhin leat 2012 agus a chúl ealaínte ag tús an chluiche? Thug sé sin spreagadh mór dóibh i gcoinne Maigh Eo.

Comhghairdeas libh foireann an Riochta. Craobh uimhir a seacht déag is scór agus an dúbailte faighte acu ar an lá céanna! Tá an todhchaí geal.

@bodiarmada

DonaghyKieran_vDonegal2014Ciaran Ó Duinneacha ag iarraidh an liathróid a smachtú níos luaithe

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

1 comment

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s