Áth Cliath v Dún na nGall

Ar dtús, bheadh sé míchothrom ar mo shon chun tús a chur ar an bpíosa seo gan cúpla focal faoin gcluiche thar bharr a chuireadh ós ár gcomhair an tseachtain seo caite i gCeannáras an Chumainn Lúthchleas Gael. Is fada i mbliana a bhíomar ag fanacht le cluiche chomh iomaíoch, spleodrach agus teasaí. Ní ab fhéidir iad a scarúint ón a chéile sa deireadh ach bhí go leor seansanna ag an dá fhoireann an bearna a mheadú agus an bua a bhaint amach. Anseo is ansiúd, d’ealraigh sé go raibh an bheirt acu i ngearchéim ach ar an taobh eile bhí siad ar chomhscór le linn tréimhsí fhada. Aisteach go leor. Nuair a bhí an tseilbh ag duine éigin, is cuma faoin bhfoireann, bhí triúir nó ceathrar thart air i bpreabadh na súil agus déarfainn gur chuireadh an-bhéim ar an bpróiseas chun seilbh a bhaint amach gan aon aicsion mídhleathach.Is dea scéal é go bhfuil athimirt againn is cuma faoin gceann scríbe agus tá súil againn go mbeidh cluiche chomhaith ar an Domhnach seo.

Ní mór dom a admháil go raibh iontas na niontas orm nuair a chuireadh tuairimí na ngeallghlacadóirí os mo chomhair, 10/1 de réir cosúileachta!! Má fheiceann tú ar an scór difríocht idir na foirne, níl lá lochta agam orthu áfach. Muna mbíonn tú i mbróga Niall Carew an tseachtain seo, ní dóigh liom go bhfuil an tairgead agat chun é a chur amú! Comhghairdeas Niall! I gceann sé chluiche tá céad agus cúig déag pointe faighte ag na Dubs agus níl ach cúig póinte is caoga géillte acu, sin difríocht seasca póinte i gceann ceithre chluiche. Dochreidte ar fad. Dún na nGall ar an taobh eile, d’aimsigh siad naoi gcúilín is seasca agus ghéill siad naoi gcúilín is daichead sa mhéid chluiche céanna. Difríocht fiche póinte in iomlán ach suimiúil idir an bheirt acu tá scór difríocht trí uair níos láidre ag Áth Cliath.

An gcreidfeá go bhfuil seans chomh dona ag Dún na nGall, an fhoireann a bhuaigh an comórtas céanna ach dhá bhliain ó shin?! B’fheidir go leiríonn an ráiteas thuas anseo, níos mó faoi neart Bhaile Átha Cliath ná cumas na bhfear as an gcúinne iargúlta in iarthuaisceart na tíre.

Bhí feachtais an-difriúil ag an mbeirt acu freisin in a gCuigí féin. Is beag iomaíocht a bhí ag Áth Cliath agus rinne siad scrios de gach foireann a bhí os comhair rompu. Níl trua na taise acu agus tá meon marfach acu i gcónaí is cuma leis an bhfreasúra. Tuairiscítear é sa meáin go minic, is é iomaíoch le haghaidh na ngeansaí an príomh spreagadh agus cuspóir atá ag gach duine, sin an fonn atá ar na peileadóirí go léir. D’fhéidfeá a rá nach bhfuil scrúdú ceart faighte acu go dtí seo ach b’aoibhinn liom cheann den a seisiúin traenála a fheiceáil!

Ar an Domhnach beidh na hUltaigh níos deine sa chosaint agus tógfaidh sé níos faide chun iad a bhriseadh síos. Tá ana chomhimirt agus tuiscint eatarthu agus is dóigh liom gur chaitheadh na céadta uaire le deanaí, ag déanamh scagadh ar Áth Cliath agus córas a chur i bhfeidhm chun a mbuntáistí a chur i ngleic. Conas is féidir leat é a dhéanamh? Is fada mé ag smaoineamh ar seo agus níl an freagra agam fós!

Ar an dromchlá cheapfá gurb é Jim Mc Guinness an taon fear in a aonar in a bhfuil an cumas aige, ionadh a chur orainn agus na Dubs a chur as an gcomórtas. Ní ba chóir duit a argóint i gcoinne a spiorad nó a ndílseacht. Chur i gcás Frank Mc Glynn, tá sé de phribléid dom mar chosantóir eile, é féin a fheiceáil i mbun a cheird. Obraíonn sé ó dhubh go dubh. An-éifeachtach ag cosaint agus thar a bheith ábalta na tosaithe is contúirtí a choinneáil ciúin. Tá an féidearacht aige chun cosaint a athrú go dtí ionsaí i gceann cúpla soicind.

Tógfar bagairt Dhún na nGall an-dáiríre ar fad ag Jim Gavin agus caithfidh siad a bheith ar an airdeall. Dá mbeidís ag imirt i gcoinne aon fhoireann eile tabharfaidh mé seans reasúnta do Dhún na nGall agus b’fheidir go bhfuil 10/1 seafóideach, fiú amháin sa chas seo. Sin ráite mar a luaigh Michael Darragh Macauley inniu “bíonn an lámh in uachtar ag obair crua thar cumas i gcónaí”. Faraor dúinn tá an dá thréithe ag na Dubs go flúirseach agus ní féidir liom a shamhlú an cluiche cheannais i mbliana agus iad in easnamh.

The second of the All-Ireland semi-finals, Dublin v Donegal

Firstly, it would be remiss of me to begin this piece without a few words about the excellent game that was served to us last week at GAA headquarters. We have waited a long time this year to see a game so competitive, exciting and tense. In the end they could not be separated but both teams had chances to widen the gap and grasp the victory. Here and there it appeared that both teams were in crisis at various stages but on the flip side were also level for long periods. Very odd indeed. Regardless of which team, when a player was in possession there were three or four around them in the blink of an eye and I would say that a huge emphasis was put on the process of dispossessing without fouling. It’s great that we have a replay to look forward to regardless of venue and we hope that the game Sunday will be equally good.

I have to admit my incredible surprise with the bookies opinions, 10/1 apparently!! If you look at the score difference between the teams, I don’t blame them in the least however. Unless you are in Niall Carew’s shoes this week I doubt you have money to waste! Congratulations Niall! In six games Dublin have managed to get one hundred and fifty one points and only concede 55, a difference of 60 points in four games. Unbelievable altogether. Donegal on the other hand, they have scored sixty nine points and conceded forty nine in the same number of games. In total a difference of twenty points but what’s interesting is that Dublin’s score difference is three times stronger than that of Donegal.

Would you believe that Donegal, the team that won the same competition only two years ago, have such a pitiful chance? Maybe the above statement says more about the strength of Dublin than the ability of the men from the remote corner in the north west of the country.

Both teams had extremely different campaigns in their own provinces. Dublin were provided with little opposition and they really destroyed every team in their way. They have neither pity nor compassion regardless of opposition. It is often reported in the media that competition for jerseys is the prime motivator for each person involved, such is their desire. You could say that they have not received a proper test to date but I would love to see one of their training sessions!

On Sunday the men from Ulster will be tougher in defence and it will take longer to break them down. They display excellent teamwork and there is great understanding among them. I suppose hundreds of hours have been spent analysing Dublin to put a system in place and tackle their advantages. How do you do that? I have long taught about it but no answer still!

On the surface you would think Jim Mc Guinness is the only man with the ability to surprise us and dump the Dubs out of the competition. You cannot argue against their spirit or loyalty. Take for example Frank Mc Glynn, it is a privilege for me as another defender to watch him ply his trade. He never stops working. Very effective defending and more than capable of keeping the most dangerous of attackers quiet. He has the potential to turn defence into attack in seconds.

The threat of Donegal will be taken very seriously by Jim Gavin and they will have to be on their guard. If they were to be playing against any other team, I would give Donegal a good chance and maybe 10/1 is nonsense even in this case. That being said, as Michael Dara Macauley alluded to today, “hard work will always have the upper hand on ability”. Unfortunately for us, Dublin possess both traits in abundance and I cannot imagine the All-Ireland final this year without them.

 

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s