Mick Foley agus Kevin Reilly

Má tá fonn ort cluiche iomaíoch, spleodrach agus teasaí i gCuige Laighean a fheiceáil i mbliana, ba chóir duit dul go Páirc an Chrócaigh an Domhnach seo. Roimh Áth Cliath agus Loch Garman, tiocfaidh an Mhí agus Cill Dara le chéile ag Ceannáras an Chumainn Lúthchleas Gael chun a ndicheall a dhéanamh a n-áit a chur in áirithe sa chluiche Cheannais Laighean. An-traidisiún ag an dá chontae agus ní mheasaim go mbeidh alán eatarthu ag deireadh an chluiche. Ba ceart agus cóir go mbeadh siad ag imirt le muinín, misneach agus go bhfeicfear a stíl pearsanta féin ag feidhmiú ó thús go deireadh.

Ní bheidh siad ag diriú a n-aigne ar aon cluiche seachas an freasúra atá rompu agus d’ainneoin an dhá bhua cuimsitheach a bhí acu i gcoinne Ceatharlach agus an Lú, ní bhfuair siad aon tairbhe as na cluichí siúd. Is cuma, cé chomh tapaigh is a bhí siad an lá deireanach ní bheidh an spás, nó an t-am céanna acu an tseachtain seo.

Cítear dom go mbeidh sé deacair do Chill Dara, smacht a choimeád ar líne lán tósach na Mí. I rith na sraithe ní riabh siad in ann déileáil le bagairt na dtosaithe is fearr sa tír agus ní féidir leat a rá nach peileadoirí den chéad scoth iad Graham Reilly, Stephen Bray agus Michael Newman. De réir dealraimh bhí trácht le deanaí nach mbeidh Michael Newman ar fáil mar thoradh ghortú. N’fheadar an bhfuil sé fíor fós ach beidh ionadaithe iontacha acu agus réidh chun teacht isteach. Sna cúlaithe gheobhaidh siad an-tacaíocht ó Damian Carroll agus Donal Keoghan. Beidh siad ar an ionsaí díreach tríd lár na páirce agus ar an gcliathán go gasta chomh minic agus is féidir leo. Tús dochreidte i ngairm Bryan Mc Mahon a d’aimsigh cúl agus cúilín amháin agus chriochnaigh sé an cluiche deireanach mar laoch na himeartha.

Rud amháin diúltach beidh Conor Gillespie agus Eamon Wallace in easnamh ach táim den bharúil nach mbraitheann siad ar aon peileadóir in a aonar agus oibreóidh siad go dian diograsach, an míbhuntáiste sin a laghdú.

Cill Dara ar an taobh eile, ní dóigh liom go mbeidh aon faitíos orthu agus beidh siad ag tnúth go mór leis an dushlán. An firic is suntasaí a chur iontas na n-iontas orm an lá deireanach, is gur aimsigh deichniúr as cúig dhuine déag scór a fháil thar seachtó noiméad. Tá reimse leathan ar na daoine in a bhfuil an cumas acu na scóranna a bhaint amach. Tháinig seisear ionadaí isteach, Eoghan O’ Flaherty, Alan Smith agus Tomas O’ Connor ina measc orthu. Caithfidh siad an cothrom a fháil idir ionsaí agus ag an am céanna a bheith cinnte an t-am ar fad nach bhfuil an iomarca spás ag tosaithe na Mí. Táim ag súil go mbeidh níos mó saoirse ag Graham Reilly agus solathróidh sé liathróid gleoite do Bray agus Newman.

Creidimse go láidir go mbeidh Átha Cliath ag fanacht do na buaitheoirí mar luach saothair ach as seo amach caithfidh siad coiscéim amháin a ghlacadh diaidh i ndiaidh a chéile. Sa chas seo samhlaítear dom nach mbeidh Cill Dara in ann stop a chur ar luas lasracha tosaithe chontae na Mí. Chun bua a bhaint amach beidh dhá chúl ag teastáil uathu ar a laghad.

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s