Cavanagh_Sean_vMonaghan2014 Is cuma cén leibhéal, bíonn na cluichí idir na gcomharsan iomaíoch

Ar an Domhnach seo, tiocfaidh dhá fhoireann le chéile i bPáirc Thiarnaigh Naofa in athimirt an chluiche míchailiúíl anuraidh, Tír Eoghain agus Muineacháin. Cuireadh an t-ainm “Brolly Gate” air agus dhéadfá a rá, ba é tús an chórais cárta dubh. Nuair a rinne Seán Cavanagh an calaois conspóideach in a tharraing sé Conor Mc Manus go dtí an talamh agus cúl oscailte os comhair roimhe, d’athraigh tuairimí formhóir de na daoine in Éirinn i bhfaideadh na súl, faoi corás smacht agus an gá riail nua a bhunú. Cúpla mí ina dhiaidh sin sílim go bhfuil ár gcluiche níos fearr mar thoradh.

Pé scéal anois é, ag druidim an chluiche seo b’fheidir an firic is suntasaí is go bhfuil dhá chluiche imirthe ag Tír Eoghain go dtí seo i gcoinne an Dún agus seasfaidh sé sin in a bhfabhar. Is cuma liom go mbeidh siad ag imirt as baile. Sa chraobh Uladh in a aonar, dealraíonn sé nach buntáiste cuimse is ea é. Go dtí seo chaill an Doire, an Dún agus Fear Manach sa bhaile i gcoinne an freasúra. Anuas ar sin creidimse go beacht go bhfuil buntáiste síceolaíochta ag Tír Eoghain thar Mhuineaháin. Creid é nó ná creid, ba í 1988 agus an cluiche ceannais Uladh an tam deireanach a d’éirigh leis an Muineacháin Tír Eoghain a bhualadh.

Ar an taobh eile, ní bheidh aon faitíos ar Muineacháin agus is cuma leo faoi na cúig cluiche ó 1988. Bainisteoir iontach clíste is ea é Malachy O Rourke agus tá taithí aige ag obair mar bhainisteoir Errigal Ciarán i dTír Eoghain cheana. D’ainneoin na fógraí sa mheáin, ceapaim go mbeidh Conor Mc Manus in easnamh agus braithfidh siad uatha a chumas chun na scóranna a aimsiú. Mar bharr ar an donas níl Tommy Freeman ar fáil freisin ach beidh Dick Clerkin ar ais i lár na páirce in ionad Eoin Lennon. Is fathach fear é agus braitheann siad ar a cheannaireacht.

Chonacthas an faoiseamh i measc na lads as Tír Eoghain, agus go háraithe Gavin “Horse” Devlin a bhí ag damhsa timpeall na páirce, tar éis an chluiche fíochmhar anuraidh nuair a shéid an fheadóg deireanach. I mbliana samhlaítear go bhfuil an meascán idir óg agus áosta, taithí agus fuinneamh, scil agus cumhacht acu. Ionadh orm caithfidh mé a admháil nach mbeidh Kyle Coney ag imirt ón bhfeadóg tús. Chuirfinn é ar imeall na cearnóige, Seán Cavanagh i lár na páirce, Ronán O Neill san áit leath-tosaí lar, agus Stephen O Neill sa chúinne. Ach cé mise a bheith ag ceistiú Mickey Harte?!

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s