Fógraíodh é go forleathan le cúpla seachtain anuas, go mbeadh an comórtas stairiúil “Comórtas Peile na Gaeltachta” ar siúl i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo. Cuireadh tús leis i 1969 i nGaoth Dobhair agus ba í sin an chéad bhliain a bhuaigh na fir as Tír Chonaill, “Corn an Aire”. As sin amach, is í Gaoth Dobhair an fhoireann a bhuaigh an comórtas an méid is minice. Mar a tharlaíonn sé, theip orthu sa chéad bhabhta i mbliana agus bhí a rás rite acu ar an Aoine faraor.

Ar an Satharn, shochraigh mise agus m’athair Stiofán,freastal ar an gcomórtas. Bhíomar ag traenáil níos luaithe le hUíbh Fhailí. Nílimíd in ár gcónaí in áit Gaeltachta ach bhíomar ag tnúth leis an atmasféar breá gealgáireach a bhí os ár gcomhair . Glacann na foirne an craobh ana dáirire agus ag fágail lár na tíre an mhaidin sin, bhíos den thuairim go mbeadh meon fíor-iomaíoch ag na peileadoirí go léir. Táim den bharúil gur phribléid agus onóir dóibh a bheith páirteach den chomórtas chomh difriúil, uathúil agus fonn mór laidir ar na cumainn sinsearach, sóisearach agus mná a gcomórtas a bhuacaint.

Ar an gcéad dul síos, maith sibh Cumann Mhaigh Cuilinn. Bhí neart le déanamh ag gach duine idir óg agus áosta agus bhí áiseanna den chéad scoth le feiscint. Tae, caife, an béar, bialann, ceithre sheomra feistis nua, cistin, dhá pháirc peile iontacha agus cuairt liathróid láimhe. Gardaí agus na seirbhisí éigeandála, stiúrthoirí, TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tríd is tríd, bhí sé eagraithe go h-iontach maith agus gach rud ag feidhmiú go fíor-mhaith. Ní ceart go cur le cheile.

Is cuimhinn liom b’fheidir 2006 nuair a bhíos ag freastal ar an Institiúid Teicneolaíochta i gcathair na Gaillimhe.D’imríomar cluiche i Maigh Cuilinn i gcoinne Caisleán an Bharraigh  sa cluiche leathcheannais cumainn na hÉireann. Cheapfá gur áit eile ab ea é. Ana-dul chun cinn déanta acu. Sa bhreis ar sin bhí alán eachtraí turasóireachta lonnaithe sa cheantar chun spreagadh a thabhairt do gach duine a bheith páirteach ann. Ná dean dearmad ar an gcomórtas “An Cailín Gaelach”!

Na foirne a chonaic mé, Moindearg, Cill tSeadhna, An Rinn, An Ghaeltacht, Mícheál Breathnach agus Ráth Cairn as chontae na Mí. In iomlán ceapaim go raibh sé fhoireann is triocha ag glacadh páirt. Ní raibh na réaltaí in easnamh agus chonacthas Mark agus Ryan Mc Hugh, Paddy Mc Brearty, Noel O Leary ar na páirceanna. Thugas faoi deara Seán Bán Breathnach freisin an -ghnóthach ar fád mar is ghnách agus ní raibh mé ag iarraidh a bheith ag cur isteach air.

Chun deireadh a chur leis an scéal bhain muid an-sult as ár gcuairt agus beimíd ar ais cinnte. Comhghairdeas do na foirne go léir, na buaitheoirí agus na foirne nár bhuaigh.  

“Selfie” le beirt fhear iontacha, Mark agus Ryan Mc Hugh

 Image

Lá breá in iarthar na tíre agus na háiseanna den chéad scoth, páirc “Astro-Turf” agus an cuairt liathróid láimhe

Image    Image

@bodiarmada

 

 

 

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s