Is bocht an scéal é, nach bhfaighimis an aimsir seo i gcónaí! Ar an gcéad dul síos ní bheadh aon fonn orainn, dul thar lear i rith na blaina má leanfadh an aimsir chomh deas is a tá sé faoi láthair. Anuas thar sin, níl aon tír chomh dathúil ná ár dtír dúchais i dtreimhsí teo. Bhíos i gcontae Liatroma an tseachtain seo agus ní chreidfeá na radharcanna iontacha deasa agus álainn ann. Na locha scapaithe ar fud an chontae agus cinnte go bhfuil na plánda agus na crainn ag fas go flúirseach. D’fhanamar i gcaisleán “Lough Rynn” mar b’eigean dúinn, mise agus Póla, cúpla cinneadh a dhéanamh roimh ár bpósadh i mí Dheireadh Fómhair. Chuaigh ár dtuismitheoirí in éineacht linn agus bhí an-craic againn ar feadh na hoíche go léir. Níl aon dabht ach go raibh siad sásta leis a gcuáirt. Níos lú ná sé mhí fágtha! “Squeeky bum time” mar a dhearfadh “Alex Ferguson” agus níl aon dabht go bhfuil muid in am breise as seo amach.

Chas mé le beirt fhear, John Courtney agus Seán Ó Cathasaigh inné in Droichead Nua. As Corcaigh agus Ciarraí iad. Shochraíomar cúpla seachtain ó shin go ndéanfaimis iarracht, casadh le chéile chomh minic agus is feidir linn agus ciorcal comhrá a eagrú i bhfaisean neamhfhoirmiúil. Ní haon aibhéil é sin a rá, ní fhéadfá casadh le fir eile chomh cineálta agus cairdiúil agus mar a tharlaíonn sé tá an-suim acu sa Ghaeilge, peil agus cursaí reatha. Bhí sé thart i bhfaiteadh na súl thaitin liom an crinniú chomh meid sin.

Pé scéal é, bhí gach rud go maith is ní raibh go holc. Tá mó lámh beagnach réidh agus bhíos ag súil go mór, a bheith ag filleadh ar ais ag traenáil sar i bhfad. Faraor mhothaigh mé pian in ingne i mo chos chlé. Mar bharr ar an donas bhí sé soléir go raibh ionfhabhtú ann freisin agus sa deireadh ní raibheas in ann chun deileáil leis an bpian. Chuaigh mé go dtí an dochtúir i Móinteach Mílic agus tharraing sé amach é gan mhoill. An lámh dheis i Splint agus an chos chlé millte. Ní dóigh liom go mbeidh mé ag imirt fós nuair a táim dhá scór daois cosúil le Tony Browne! Gairm iontach imirthe aige ach dá fhad lá tagann oíche agus ar aon chaoi tá súil agam go bhfaighfidh sé an-sult as a chinneadh fiúntach. Dhá bhliain is scór i ngeansaí na Déise, tuillte go mór agat Tony.  

Bainigí sult as an gCásce agus ná hithigí an iomarca guggies!

@bodiarmada

Image

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s