An t-seachtain seo, fuaireas deis iontach agus rug mé ar go fíor-tapaigh. Bhí seans agam a bheith ag obair le saineolaithe in a n-ábhar ach níos mó ná sin, daoine uaisle i TG4 Baile na hAbhann, chontae na Gaillimhe. D’fhan mise agus Póla sa cheantar i rith an t-Samhraidh agus bhíomar an-tógtha leis an atmaisféar san áit chiúin, cairdiúil agus iargúlta.

Ag druidim i dtreo an foirgnimh, bhíos ar bís agus neirbhíseach ag an am ceanna. D’imigh an imní mar a imíonn cúr na h-abhann sár i bhfád agus chuir siad go léir fáilte íontach romham. Ba é Keith Ó Flaitheartha an chéad duine a chas mé le, a oibríonn sa stáisiún agus tar éis sin chuaigh mé chun smidiú a fháil! Aisteach go leor ach bhíos níos mó na toillteanach é a dhéanamh! Dúirt Seán Ó Domhnaill, iar-laochra chontae na Gaillimhe liom níos deanaí “go raibh an dara-cóta ag teastail uaim”! Dalp Seán a dhinnéar ach bhíos ró-neirbhíseach chun aon rud ach banana a ithe.

Seal eile agus chas mé le Eamonn agus Seán Ó Cualáin ó “Sónta”, Rí na Gaeltachta Seán Bán Breathnach agus an iar-pheileadóir agus ceannaire fhoireann Ciarraí, Dara Ó Cinnéide. Chuamar go léir sa stiúideo agus d’aithin mé an tolg glas is cailiúla in Éirinn go díreach, ó thaobh spóirt ar aon nós. Chuireamar na “mikes” orainn agus bhíomar beagnach reidh. Bhí mise ag iarraidh mo fhís a choimeád mar bhí an neirbhís ag meadú!

An chéad ceist agus nílím in ann fós cén freagra a bhí agam! Bhí a fhios agam cad ba mhaith liom a rá ach bhíos “tongue-tied mar a dhearfá! Tarlaíonn sé sin formhór an ama sílim agus bhíos níos compórdaí tar éis sin. Fuaireas tacaíocht ó na lads agus bhí atmaisféar breá gealgháireach eadrainn le linn an chláir.

An rud is mó a thaitníonn liom faoin gclár Seó Spóirt is, nach bhfuil aon structúr nó córas cinnte socraithe roimh an clár agus bíonn sé níos cosúil le “chat” i bhfaisean neamhfhoirmiúil. Bhí an taighde déanta agam agus na firicí i mo sheilbh. Tá sé easca a fheiceáil cén fath go bhfuil suim ag na mílte daoine sa chlár, fiú amháin na daoine nach dtuigeann é trí mheáin na Gaeilge in a n-aonar.

Bhí an dinnéar agam sa cheaintín leis an bhfoireann agus d’imigh mé tar éis sin. Ba mhaith liom mó bhuíochas a ghabháil dóibh go léir. Keith, Seán, Eamonn, SBB, Seán Ó Domhnaill agus Dara. Taobh amuigh dóibh fresin mo chlann, Póla, Eoghan Mac Dermott, Seán Potts agus an GPA go léir as ucht na tacaíochta a thug siad dom. B’fheidir aisteach ag an bpointe seo a bheith chomh bhuíoch do gach duine ach tá sórt faoiseamh orm go bhfuil sé déanta don chéad uair.  Tá súil agam gurb é sin an babtha is déacra agus go mbeidh mé ar ais le deanaí. Slán

Image TG4 Baile, na hAbhann

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s