Átha Cliath v Maigh Eo

Ní raibh an rialtacht amhlaidh an lá deireanach i nDoire agus theip ar Átha Cliath don dara uair i rith na sraithe i 2014. Is cuma, beidh siad ar ais i pPáirc an Chrócaigh an t-seachtain seo agus taitníonn leo ag imirt ann. Bhí sé go hiontach, Alan Brogan a fheiceáil ar ais ar an bpáirc agus thug sé taispeántas iontach duinn freisin. Tabharfaidh an eachtra spreagadh mór dóibh. Bhí a thionchar soléir in a thaispeántas. Tá spiorad agus tuiscint acu agus is cuma cén gléas, cleas, deis nó eile, chomh imirt idir dhaoine an t-aon rud a oibríonn I gcónaí.

Cluiche neamhghnách ab ea é i gCaisleán an Bharraigh coicís ó shin. Bhí drochthús ag Maigh Eo agus d’ealraigh sé nach raibh siad in ann, déileáil le Corcaigh ar chor ar bith. Sin ráite, bhí siad i bhfad níos fearr sa dara leath agus bhí bua thar cuimse acu sa deireadh. Anois beidh siad ag diriú a n-aigne ar Átha Cliath agus athimirt don chluiche cheannais anuraidh. Ní doigh liom áfach go mbeidh aon faitíos ar Mhaigh Eo. Tá siad ag imirt le misneach agus muinín agus meon dáiríre acu freisin. Ní bhraiteann siad ar aon pheileadóir in a aonar, na scoranna a aimsiú. Bíonn Alan Freeman, Jason Gibbons, Cillian Ó Connor, Enda Varley agus araile ábalta iad a fháil freisin.

 

Iarmhaí v Ciarraí

Bhíos den tuairim roimh na sraithe go mbeadh sé an-deacair do chontae na hIarmhaí, a stadás a choimeád i Roinn 1. Ag an bpointe seo, d’ealraíonn sé go bhfuil a rás rite. Tá siad ag déanamh a ndicheall fós áfach agus ní ba chóir do éinne é sin a argóint. Bhí test dian acu i bPáirc Uí hÉilí i mbabhta a cúig agus bhí díoma orthu leis an díobháil seilbhe a bhí acu.                                                                An Domhnaigh seo, beidh Ciarraí os a gcomhair. Cluiche ar nós ”David v Goliath” air ach caithfidh siad a bheith dochasach fós. Beidh siad i Muileann gCearr, beidh slua mór ann agus mholfainn iad sult a bhaint as.

Ciarraí ar an taobh eile, d’éirigh leo iad fein a ardú ó beagnach íochtar an tabla agus as sin amach, tá siad ag dul ó neart go neart. Tháinig feabhas orthu i bhfoirm James O Donoghue, Anthony Maher agus David Moran go háraithe ón a dtaispeántas. Peileadoirí den chéad scoth is ea iad agus níl siad i mbarr a bhfeidearacht fós. Baineann siad úsáid as an gcic pass díreach chomh minic agus is feidir leo agus beidh sé deacair an stop a chur orthu. Mar is eol dúinn beidh Colm Cooper in easnamh mar thoradh a ghortú ballnaisc chroisigh, ach seans eile do Fitzmaurice agus a fhoireann choitseála, taighde a dhéanamh agus a bheith ag tógail don chraobh.

 

Corcaigh v Tír Eoghain

Cheann de na coimhlintí is fearr go dtí seo. Mar a sheasann sé faoi lathair, tá Corcaigh ar bharr an tabla agus sna sála orthu anois tá Doire agus Tír Eoghain. N’fheadar an bhfuil cíocras mór orthu nó an bhfuil Corcaigh níos láidre an bhliain seo. Cheapfá go mbeadh siad ag streachailt an bhliain seo mar thoraradh de seachtar acu, éirí as an set-up anuraidh ach jab den chéad scoth déanta ag Brian Cuthbert in a chéad bhliain mar bhainisteoir.                                                                                                                                             Rud a thug mé faoi deara i rith na sraithe, formhór don ama bíonn siad ag feidhmiú ar árd-caighdeán agus go tobann agus gan chúis, bíonn cuma codladh orthu ar feadh tréimhse. Chun bheith in a bhfoireann rathúil, caithfidh siad a bhfís a choimeád ar feadh seachto noiméad is breise.

Glacann Tír Eoghain an t-sraith ana-dáiríre i gcónaí. Thug an bua cuimsitheach i gcoinne Iarmhaí spreagadh mór dóibh ach chomh tapaigh agus chomh maith is a bhí siad an lá deireanach, tá test i bhfad níos deacra os a gcomhair an tseachtain seo. Caithfidh siad dul go dtí cúige Mumhan don dara uair i cúpla seachtaine agus cuirfidh Corcaigh fáilte mór rompu. Dealraíonn sé gur tháinig feabhas orthu leis an gcárta dubh agus tá siad ag aimsiú na scoranna luachmhara gach tseachtain.

 

Doire v Cill Dara

Pé scéal anois é, bhí feachtas iontach ag Doire go dtí seo agus sílim go leanfaidh siad ar aghaidh ag dreapadh an dhréimre an tseachtain seo. Is annamh go bhfeictear bua chomh compórdach agus chomh cuimsitheach i gcoinne na Dubs agus le linn treimhsí fhada bhí an smacht in iomlán acu. Mar is eol dúinn, bíonn se an-decair, beagnach dó-dheanta, an bua a aimsiú i bPáirc na gCeilteach agus ag druidim deireadh na sraithe, ní bheidh aon fonn ar Doire, aon laige a thaispeáint do aon freasúra.

Thosaigh Cill Dara go fíor-mhaith le bua caol thar Mhaigh Eo. Mí-adh orthu b’fheidir in aghaigh Chorcaigh agus Tír Eoghain. An rud is suntasaí a thug mé faoi deara is go ngeileann siad an iomarca i gcoinne an fhreasúra, Ní ba chóir duit cúl agus cúig chúilín deag a gheilleadh i gcoinne Ciarraí nó cúl agus dhá chúilín is scór a gheilleadh i gcoinne Átha Cliatha agus an bua a bhaint amach fós. Tá stíl níos ionsaí acu faoi Jason Ryan agus níl aon fhadhb acu, na scoranna iad féin a aimsiú ach sílim, go gcaithfidh said a stíl a athrú ar a laghad.

Átha Cliath, Ciarraí, Corcaigh agus Doire

Image An peileadóir is fearr i rith na sraithe go dtí seo, Mark Lynch. Scoráil sé 1-08 in aghaidh Átha Cliath

@bodiarmada

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s