club-championship-semi-finals

Mar a dúras ar “Splanc Newstalk” i rith na seachtaine táim beagnach bréan den chomórtas seo, theip orainn chomh minic sin! Táim ag magadh go hiondúil ach theip orainn sa chluiche leathcheannais Laighean i dhá mhíle is a hocht, deich agus a dó dhéag.  I ndáirire, comórtas iontach is ea é agus is léir gurb é sin an fáth a ndeanann na foirne a ndicheall chun bua a bhaint amach. Fiontar fiúntach amach is amach.

Sin ráite, is mór an trua é, nach bhfuil aon seasúr dúnta ag an gCumann Lúthchleas Gael. Mar gheall seo tá peileadoirí ag fulaingt. Ní bhfuair Colm Cooper, Kieran O’Leary nó na peileadoirí idir-chontae eile as Cill Airne m.sh, sós ar bith le blianta beaga anuas. Tá a lán oibre riachtanach déanta acu i rith an Gheimhridh. I mo thuairimse ba chóir go mbeadh na comórtais siúd criochnaithe roimh na Nollag chun faoiseamh a thabhairt dóibh. Ní fhaigheann siad aon tairbhe nó sásamh as a bheith ag traenáil an t-am go léir. Is cuma, bheinn níos mo ná toilteanach a bheith ag imirt inniu agus tréimhse traenála déanta agam ar feadh na Nollag go léir!

Na Crócaigh v na Misteálaigh, caisleán an Bharraigh

Na Chrócaigh ar dtús. Mar is eol duinn bhuaigh siad trí craobh Mumhan as a chéile ach ní bheidh siad sásta leis sin an bhliain seo. Beidh siad ag diriú a n-aigne ar an gcluiche cheannais i bPáirc an Chrócaigh ar lá fhéile Phádraig. Lán le fuinneamh, taithí agus beidh sé an-deacair iad a laimhsheoil. Ar an dromchlá, cheapfá nach bhfuil seans ag na Misteálaigh ach breathnóidh sé ar an aimsir, meon an mheoltóra, an cárta dubh agus araile. Ná deanaigí dearmad nach raibh an cárta dubh i láthair anuraidh sna chomrórtais gCúigí. I gCúige Chonnacht, bhí bua dochreidte acu i gcoinne Naomh Bríd, go háraithe nuair a fuair Barry Moran cárta dearg. Ta aithne agam ar Tom Cunniffe agus Richie Feeney. D’fhreastal mé ar an Institiúd Teicneoileachta i gCathair na Gaillimhe in eineacht leo agus d’imir mé ar an bhfoireann peile ceanna. Beidh siad ag tnúth go mór leis an dúshlán agus guim gach rath orthu.

Baile an Doire v Naomh Uinseann

D’eirigh leis an mbeirt acu an craobh club Uile Éireann a bhuacaint cheana, Baile an Doire i dhá mhíle is a dó agus Naomh Uinseann i dhá mhíle is a hocht. Sin súntasach mar tá taithí acu na cluichí is tabhachtaí a bhuacaint agus leis sin ní bheidh aon faitíos orthu freisin.

D’fheach mé ar an gcluiche idir Baile an Doire agus Gleann tSúilí agus coimhlint fiochmhar ab ea é. Ag deireadh an chluiche bhí Baile an Doire ceithre chúilín chun tosaigh. Bhí an cluiche plódaithe le botúin, i bhfad níos oscailte ach bhí an bua tuillte go mór acu. Fógraíodh é i rith na seachtaine gur ghortaigh Daniel Mc Kinless é féin sa chluiche ceathrú-cheannais ach feicfimid níos deanaí

Ar an taobh eile, Naomh Uinseann. Dainséarach go leor le peileadoirí iontach scapaithe acu ar fud na páirce. Ní bhraiteann siad ar aon pheileadóir na scóranna a aimsiú agus má chomáideann siad a smácht féin, beidh bua caol acu.

Na Chrócaigh as Cill Airne agus Naomh Uinseann a bheith sa cluichecheannais i mí Márta agus bheimís tuillte ag súil le hathimirt Ciarraí agus mBaile Átha Cliath arís!

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s