GAA Football All-Ireland Senior Championship Semi-Final Press Event Stevie O’ Neill agus Kevin Mc Laughlin

An chéad babhta críochnaithe, agus má tá an dara babhta chomh-spleodrach beidh an t-ádh linn! An t-seachtain seo tiocfaidh Tír Eoghain agus Maigh Eo le chéile i bPáirc Uí hÉilí. Bhí dhá fhoireann as baile an deireadh seachtaine seo caite agus torthaí measctha freisin. I bPáirc na gCeilteach, Doire, chriochnaigh Doire agus Tír Eoghain ar comhscór ach theip ar Mhaigh Eo i nDroichead Nua i gcoinne Chill Dara. Cúilín amhain eatarthu ag deireadh an chluiche. Cheapfá go mbeidh níos mó bhrú ar na peileadoirí ón Iarthar, mar gheall ar a dtorthaí i mbabhta a haon, ach tá sé go luath fós.

Beidh sé suimiúil an raibh aon dochar síceolaíochta déanta tar éis chluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Ní dóigh liom go raibh. Fear iontach clíste is ea James Horan agus tá an-mhúinín acu as an mbainisteoir céanna. Deacair go leor, an chéad dhá cluiche a imirt i ndiaidh a chéile as baile go háraithe i Roinn a haon ach sin é an teist atá os a gcomhair.

Ar an dromchlá, nuair a gheileann foireann dhá chúilín agus ocht gcúilín déag de ghnáth, teipeann orthu ach bhí Cill Dara in ann dhá chúilín agus naoi gcúilín deag a aimsiú agus farasbarr cúilín amháin acu sa deireadh. B’eigean do Tom Parsons imeacht ón bpáirc tar éis ocht noiméad tar éis a bheith gortaithe agus roimh deireadh an chéad leath fuair an fear mór cumhachta, Aidan O’ Shea, cárta dubh. Más rud é gur fhan an bheirt acu sa chluiche b’fheidir go mbeadh toradh difriúla againn ach bhí an bua tuillte go mór acu agus lucht tacaíochta Chill Dara ag screadáil in ard a gcinn is a ngútha nuair a d’aimsigh Paddy Brophy an cúilín cinniúnach.

Fuair Tír Eoghain a gcéad pointe ar Lá Fhéile Bríd i nDoire. Ceann amháin de na háiteanna is deacra in Éirinn bua a fháil ach tá siad ag feidhmiú ar ard-chaighdeán le blianta beaga anuas. Rinne siad scríos d’Ard Mhacha sa chomórtas Mhic Cionnaith coicís ó shin. Tá Conor Gormley, Seán Cavanagh Martin Penrose ag imirt fós agus gan dabht tá súil againn go dtiochfaidh Stephen Ó Neill chuige féin arís. I rith na mbliain anuas, bhí sé de phribhléid dúinn an máistir seo a fheiceáil i mbun a cheird. Tá an-fís acu agus tá gach peileadóir ábalta imirt in aon áit. Gan dabht tháinig feabhas orthu anuraidh i bhfoirm Mattie Donnelly, Darren Mc Curry agus araile. Mheas na saineolaithe, (fear amháin go háraithe mar is eol daoibh!) nach raibh siad ceart nó coir i rith na blaina agus go raibh taicticí mídhleathacha agus ciniciúil acu ach i mó thuairimse sin an fáth go bhfuil trí chraobh na hÉireann buaite acu ó dhá mhíle is a trí; an fhoireann is clíste in Éirinn agus déanann siad gach uile rud chun bua a fháil.

Ní bheidh sé chomh-shimplí do Mhaigh Eo ná a bhí sé sa chluiche leathcheannais anuraidh. Is teann gach madra gearr i ndoras a thí féin agus ní thagann an tasc níos deacra ná pointí a aimsiú in Uladh.

Scéal eile, ba mhaith liom mo chomhgairdeas a ghabháil do Sheán O Dea agus Damian Curley i GMIT, contae na Gaillimhe as ucht an bua speisialta a bhí acu i gcoinne Ollscoil na Banríona, Béal Feiriste as baile níos luaithe inniu. D’fhreastal mé ar an Institúid ó dhá mhíle is a trí go dtí dhá mhíle is a seacht agus ba iad Seán agus Damian na fir i gceannas ar an bhfoireann nuair a bhíos ann.  Thug na laochra seo seirbhís iontach don choláiste seo le blianta fada anuas. Molann an obair an fear. Maith sibh lads

Beidh éinne in ann mise a leanúint ar Twitter @bodiarmada

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s