Screen-Shot-2014-03-19-at-17_03_52

Dé Sathairn, tús an séasúra is fearr liom………. Séasúr peile agus tosach na sraithe naisiúnta. Tá a lán oibre riachtanach déanta ó dheireadh mí Dheireadh Fómhair agus an té nach gcuireann san Earrach, ní bhaineann sé san Fhómhar. Bíonn na foirne sa gym agus amach ar an bpáirc agus ag an bpointe seo, ag tnúth leis na cluichí.

Mar is gnách, bíonn aidhmeanna difriúla ag na foirne. Mar shampla, tá triocha sé craobh na hÉireann buaite ag Ciarraí. Níl an sraith chomh súntasach dóibh ná foireann cosúil le hUíbh Fhailí. Ba mhaith linn forbairt a fheiceáil agus eirí suas go roinn 2 chomh tapa agus is feidir linn.

Beidh sé suimiúil cén sórt tionchar a bheidh ar an gcárta dhubh ar na gcluichí. Aontaim go mór leis an cinne caithfidh mé a rá agus sílim go mbeidh stíl níos ionsaí agus níos tapúla ag na foirne mar thoradh. Mar chosantóir, b’fheidir go mbeidh aiféala orm sa todhchaí! Caithfidh na bainisteoirí, na peileadoirí ar an bhfreasúra a chur faoi bhrú i gceart. Tar éis na cluichí a d’fheach mé sa chomórtas Uí Bhroin, ceapaim go bhfuil gach duine ag déanamh a ndicheall, a bheith dearfach agus stop a chur leis an gcalaois ciniciúil.

Bainisteoirí nua roghnaithe ag Cill Dara agus i gCorcaigh. Is é Jason Ryan an bainisteoir nua i gCill Dara ach d’oibrigh sé leis an bhfoireann coitséala anuraidh. Measaim go bhfuil na tréithe aige atá in oiriúint don bhainisteoir nua. Thug siad taispántas maith duinn in aghaidh na Mí ag an deireadh seachtaine agus gheill siad ach naoi gcúilín in iomlán. Tá Brian Cuthbert i gceannas ar Corcaigh. Sé a chéad bhliain mar bhainisteoir ach tá taithí aige seachas seo. Ba é an bainisteoir in san Institúd Teicneoileachta i gCorcaigh agus foireann mionúr ar feadh dhá bhliain. Faraor, shochraigh na peileadoirí chomh mhaith le Alan Quirke, Paudie Kissane, Graham Canty, Noel O’ Leary, Alan O’ Connor agus Pearse O Neill éirí as an set-up anuraidh agus guimís gach rath orthu. Tá na blianta taitneamhacha tairbheacha caite againn ag feachaint orthu agus beidh sé deacair na háiteanna siúd a líonadh.

Seampiní na hÉireann is ea iad “Na Dubs” agus beidh sé an deacair an lámh in uachtar a chur orthu arís. Bhuaigh siad gach cluiche sa sraith anuraidh ach amháin an cluiche in aghaidh Dhún na nGall a chriochnaigh ar chomh-scór. Bhéidis in ann foireann eile a chur amach agus an craobh Laighean a bhuacaint ar a laghad. Baineann siad a lán úsáideanna as an gcic pass agus is cuma cén sórt liathróid a théann isteach tá siad in ann deileáil léi. Ní bhraiteann siad ar Bernard Brogan na scóranna a aimsiú a thuilleadh. Tá Paul Flynn, Paul Mannion agus araile in ann iad a fháil freisin. Tháinig feabhas orthu i bhfoirm Mc Caffrey, Kilkenny agus Mannion anuraidh. D’ainneoin nár chriochnaigh an triúir an cluiche cheannais, ceapaim go mbeidh siad níos láidre an bhliain seo agus go mbeidh taithí na bliana seo chaite soiléir. Ardaíodh Iarmhaí agus an Doire go Roinn 1 anuraidh. Ceapaim go mbeidh an caighdeán ró-ard do chontae na hIarmhí agus isleófar iad le Corcaigh.

Beidh cluiche spleodrach againn i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn. Choimeád Ciarraí a stádas i Roinn 1 anuraidh agus bhuaigh siad an craobh i gCuige Mumhan. Jab den chéad scoth déanta ag Éamonn Fitzmaurice agus a fhoireann choitséala in a gcéad bhliain. Beidh Colm Cooper agus na Chrócaigh Cill Airne eile in easnamh ach seans ag Fitzmaurice taighde a dhéanamh agus a bheith ag tógail don todhchaí. Beidh Cillian Young arais ach is mór an trua nach bhfeicfear Tomás Ó Sé ag imirt i 2014. Laochra Chiarraí ó 1998 ach ní bhíonn in aon rud ach seal!

I Roinn 2 sílim go leanfaidh Muineacháin ar aghaidh ag dreapadh an dhréimire agus go mbeidh siad i Roinn 1 an bhliain dar gcionn. Beidh sé deacair an Cabhán a lámhsháil i Roinn 3. A lán dul chun cinn déanta acu anuraidh. Trí chraobh mionúr buaite acu le blianta beaga anuas agus mí-ádh orthu nach bhuaigh siad craobh na hÉireann Fe 21 i 2011. Tá Liam Bradley arais le hAontroim agus bhí ionadh orm nuair a cuireadh iad síos ó Roinn 3. Muineacháin, Cabhán agus Aontroim. Tá an todhchaí níos gile in Uladh!

(Beidh tú in ann, mise a leanúint ar Twitter @bodiarmada)

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s