Vincents_Portlaoise_photocall2013 Brian “Bruno” Mc Cormack agus Hugh Gill

Ar an Domhnach i dTulach Mhór, tiocfaidh Port laoise agus Naomh Uinseann le chéile sa Chluiche Ceannais Laighean agus táim ag súil go mór le “cracker”. Tá cíocras mór ar an dá fhoireann agus cuirfidh siad aithne ar a chéile ó thús go deireadh!

Ní raibh an bua cuimsitheach ag Port Laoise, a cheap na saineolaithe an lá i gcoinne Longford Slashers, ach bhí siad i bhfad níos fearr sa chluiche dar gcionn in aghaidh Moorefield. Bhí an farasbarr idir na foirne ag deireadh an chluiche, (ceithre chúilín déag) tuillte go mór acu.

Tá Cahir Healy tagtha arais sa fhoireann san áit leathchúlaí lár i measc na cúlaithe néamhthroireacha eile. Níor ghéill siad ach ocht gcúilín sa chluiche leathcheannais. Sna tósaithe feictear peileadoirí den chéad scoth mar shampla Paul Cahillane, Craig Rogers agus beidh sé ana-dheacair iad a láimhsheáil. Peileadoirí cumasacha, lán le fuinneamh agus taithí.

Mar is eol duinn, bíonn seans iontach ag aon foireann a thagann amach mar sheaimpíní Bhaile Átha Cliath. Anuraidh bhuaigh Baile Munna an Craobh Laighean agus faoi láthair tá Naomh Uinseann ag feidhmiú ar ard-caighdeán freisin.

An lá deireanach bhí alán deacrachtaí ag Cnoc an Línsigh ag iarraidh smacht a choiméad ar tósaithe Naomh Uinsionn, go háraithe Mossy Quinn a d’aimsigh cúl agus ocht gcúilín. Caithfidh na cosantoirí as Port Laoise a bheith níos congaraí ná sin.

Rud súntasach is ea é go mbeidh Ger Brennan agus Diarmuid Connolly arais agus saor ó fhionraí. Is annamh a bhíonn siad as an gcunspóid agus ba choir doibh tionchar níos láidre a chur ar an gcluiche. Buann siad alán liathróid sálach agus úsaideann siad í go fíormhaith.

Measaim go mbeidh an t-adh ag Port laoise sa dheireadh. Ceapann na saineolaithe go mbeidh an bua ag Naomh Uinseann ach sé mo thuairim go mbeidh Port Laoise in ann chun deileail leis an t-atmaisféar te. Má choimeadann tú an liathróid soiceand nó dhó ró-fhada sa chluiche sin ritheann tú amach as spás agus ba choir dóibh an liathróid a bhogadh chomh tapaigh agus is feidir leo. Ó mo thaithí pearsanta féin taispeanann siad ana chomh imirt an t-ám go léir agus ní bheidh aon faitíos orthu.

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s