530956046

Mar is ghnách i gCuige Uladh, bhí cluiche teasaí agus fíor iomaíoch imeartha os comhair slua sé mhíle, ocht gcéad agus naoi nduine i bPairc Uí hÉilí, Co. Tir Eoghain.

Mar a deir an seanfhocal, “tús maith leath na hoibre” agus ní raibh an cluiche níos mo ná fiche soicind imeartha nuair a bhí an liathróid ar chúl an líontáin ó Michael Murphy. Caithfidh mé a rá go raibh sé ag iarraidh cúlín a aimsiú ó uilinn géar ach bhí an t-ádh dearg leis spreagadh mór a thabhairt do na fir as Dún na nGall.

Sa chead leath, bhí Gleann tSúilí ag feidhmiú níos tapúla ná Baile an Doire agus bhí cuma neirbhíseach ar na fir as Doire chomh maith leis sin sa chead ceathrú. Aisteach go leor mar ba iad an fhoireann le formhór an taithí. Bhí an cluiche i bhfad níos oscailte, plodaithe le botúin agus alán de na pasanna ag dul ar strae. Thug mé faoi deara nach raibh éinne ag imirt ina háit féin! Cúlaithe sa cheantar scórála, line lánthosaí ag caitheamh alán ama os comhair a gcúl féin. Sin ráite bhí féin mhuinín Gleann tSúilí ag meadú. An botún is mó deanta acu áfach, nuair a chuaigh an liathróid isteach bhí an iomarca spás acu agus níor shroich an tacaíocht chomh luath nó chomh tapa mar ba choir do a bheith.

Ar fiche cúig noiméad go leith, scór cinniúnach ó Michael McIver. Iarracht ó Ryan Bell blocailte ag na cúlaithe agus isteach i dtreo an lánchúlaí. Léan sé í isteach sa chearnóg agus d’aimsigh sé an líontán. Ag deireadh an chead leath bhí Baile an Doire chun tosaigh le ceithre chúilín agus bhí sé súntasach go raibh cúigear ó Baile an Doire ar an gcártascór i gcoinne beirt ó Gleann tSúilí.

Bhi coimhlint fíochmhar againn insan dara leath. D’eirigh Gleann tSúilí an chead scór a fháil  chun an bearna a laghdú ach bhí an lámh in uachtar ag Baile an Doire fós nuair a fuair an fear mór cumasach i lár na páirce, James Conway, cheann de na cúilín is fearr go dtí seo. Bhí an cluiche casta bun os cionn ar dtús nuair a fuair Caolan Kelly, an lánchúlaí ar dheis, cúl inspioráideach agus tar éis sin d’aimsigh Michael Murphy cúilín den chead scoth agus cluiche mar ard chaighdean againn arís.

Bhí sé de phribléid duinn peileadoirí chomh maith le Colly Devlin, Daniel McKinless agus Colin Kelly a fheiceáil. As seo amach, bhí Baile an Doire níos chliste. Ní raibh Gleann tSúilí ábalta smacht a choiméad ar Colly Devlin agus bhí sé cruinn go leor le iarracht dodhéanta le deich noiméad fagtha. Ní raibh na tosaithe chomh sciliúla ag Gleann tSúilí agus b’fheidir go raibh níos mó bhrú ar Michael Murphy chun na scoranna a aimsiú. Sin ráite bhí job iontach déanta ag Gareth McKinless chun é a láimhseáil- i bhfad níos mó ábalta a liathróid féin a bhuacaint agus bagairt Murphy a laghdú. Ó chosantóir eile “maith thú” agus sé mo chinneadh mar laoch na himeartha!

Ag druidim le deireadh an cluiche bhí taithí Baile an Doire soléir agus bhuaigh siad an cluiche ar scór cúl agus trí chúlín deag in aghaidh dhá chúl agus sé chúilín.  Beidh sé deacair an lámh in uachtar a chur orthu arís. Cad é do thuairim?

Written by briandarbymedia1

Leargais agus tuairimí faoi mo shaol agus breise. Spórt, eachtraí polaitiúla agus an nuacht is deanaí sa bhaile agus thar lear. B'aoibhinn liom do thuairimí phearsanta féin a chloisteail agus iad a phlé. "Bíonn dhá insint ar gach scéal" :)

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s